Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fosgladh Áirdtheampoill Naoimh Adhamhnain I Leitirceannain i Leitirceannain
Title
Fosgladh Áirdtheampoill Naoimh Adhamhnain I Leitirceannain i Leitirceannain
Author(s)
S. S. Mac A' Bháird,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fosgladh Áirdtheampoill Naoimh Adhamhnain i Leitirceannain Ar an Seismheadh lá deug de Mhí Mheadhoin an t-Samhraidh, 1901. Bhí lá mór againn i Leitirceannain Dia Domhnaigh seo chuaidh thart. Bhí cruinniughadh uathbhásach mór againn agus siúd 's go bh-fuil an prímh-theampoll seo dhá chéad troigh ar fhad agus céad troigh ar leathad ní raibh áit le fághail ag mórán de na daoinibh a tháinic le bheith ag an fhosgladh. Feudaim a rádh go rabh daoine ann as gach cearn agus gach réaguin de'n domhan ag taisbeaint a measta air agus ag tabhairt commóraidh do'n phrím-Eirean- nach agus fíor Eaglaiseach sin, an t-Easboc Ó Domhnaill. Bhí Cáirdineal Mhaolmhaodhog Prímh-Eaglaiseach na h-Éireann ann mar budh dual dó. Ameasg na h-Árd-
Easboc agus Easboc eile chonnarcas, Árd Easboc O Cathain, as Dubúc anns na Státaibh Aontuighthe, agus an t-Easboc O Duinn, as Astráile. Eadar Árd Easbo- caibh agus Easbocaibh bhí cúig n-duine dheug aca anns an chóimhthionol an lá sin. Ní'l áireamh ar an mhéid cléir a bhí i láthair acht is í mo bharamhail go líonfadh siad teach beag pobail dóibhthe féin. Bhí siad ann as an Róimh, as an Oileán Úr, as an Fhrainc, as an Spáin, as Sasanaigh, as Albain, agus feudaim a rádh as an uile Chondae i n-Éirinn. Ní'l sé ann mo chumas labhairt mar budh chóir fa'n árd-teampoll seo, agus da mbéidhinn ag scríobhadh go ceann seachtmhaine fa dtaobh de, ní bhéidheadh acht bara- mhail suaraigh agaibh fa d-taobh de le taobh dá bh-feic- feadh sibh é. Ann aon fhocal is é an teach pobail é is deise agus is Éireannaighe dár cuireadh suas ariamh. Tá sé deich mbliadhna anois ó cuireadh tús air agus rioth an ama sin is Éireannaighe a bhí ag obair air, taobh amuigh de fhear amháin, dathuightheoir as an Iodáile. Mar a gcéadna ní'l cloch no clog, doras no fuinneog, no rud ar bith eile a bhí le fághail i n-Éirinn nach bhfuaras ann, agus is Naoimh Éireannacha a tá greanta ar an clochaibh, dathuighthe ar na síonailibh agus taisbeainte ar na fuinneog- aibh. Seo sompla do na seóinínibh a shaoil nach rabh nídh ar bith maith go leór aca a gheóbhthaoi i n-Éirinn. Tar- radh siad agus bidheadh amharc aca ar aird-theampoll Leitirceannain agus rachaidh siad abhaile agus smut orrtha, nó budh chóir go mbéidheadh, fa na neithibh suaracha a fuair siad as tírthibh eile nuar a bhí rudaidhe níos feárr le fághail aca i n-Éirinn, agus fá'n mhéid airgid a chuir siad ar siubhal as a d-tír bhoicht féin. Bhí Aifrionn Mór ar an h-aon deug dhe chlog agus go goirid a n-diaidh an dó dheug righne an t-Árd Easboc Ó Cathain seanmhóir. Is i mBéal Átha Seanaigh, i gCon- dae Dhúin na nGall, a rugadh an fear céimeamhail seo agus tá sé a measg na gcáinteoir is feárr ins an domhan. Lábhair sé ar feadh beagnach uaire agus ceathramha agus ríoth an ama sin dá dtuitfeadh biorán as an tsíonail chluin- fidhe é. Tá éolas agus aithne, thríd an domhan mhór, ar cháil agus ar chliú an fhir chéimeamhla seo, agus ní bhéidheadh sé oireamhnach ag tuatha mar mise níos mó a rádh 'ná go dtuilleann sé an mhéid molta agus onóra is féidir a thabhairt dó. Bhí seanmóir bhreagh Ghaedhilge againn tráthnóna ó Easboc na Gaillimhe, an Dochtúr Mac Cormaic. Is maith, líomtha, blasda an teanga Ghaedhilge atá aige. Thaitin an tseanmóir go h-an-mhaith leis na Gaedhilictheoiribh a bhí ag éisdeachd leí agus budh í a mbaramhail nach bhfuil dithfir ar bith is fiú eadar Ghaedhilic Chonnachta agus Gaedh- ilic Dhúin na nGall. Chonnarcas an tseanmoir seo anns na páipéaraibh agus chuirfeadh mar tá sí millte brón ar dhuine ar bith a bhí ag éisdeachd leí. Nach mór an t-iongantas agus an truaighe nach n-amharcóchadh an fear a bh-fuil an Ghaedhilic faoi na chúram ar an cheud chlódh- bhualadh a thigeas amach agus é do cheartughadh? Shaoilfeadh duine gur cuma leó caidé an milleadh no'n scrios a gnidhthear ar an Ghaedhilic réir mar tá siad ag dul chum tosaigh. Labhair an t-Árd Easboc Ó Cathain leis na daoinibh arís tráthnóna agus is truagh, a Thighearna, nach rabh fir óga na tíre go h-iomlán ag éisdeachd leis an chómhairle a thug sé dóibh. Dubhairt sé leó fanachd anns an bhaile i n-Éirinn; go bhfuil gnoithe ag an tír bhocht seó le iomlán a cuid mac; go bh-fuil na mílte 'san Oileán Úr nach bh-fuil obair le fághail aca agus gur a ndeireadh seó a bheith ag dhul síos agus síos go dtí nach dtig leó dhul níos ísle. Mo leun geur nach nglacann na hÉireannaigh an chómhairle seo agus seilbh a chongbháil ar an tír bheannuighthe ann ar rugadh iad. S. S. MAC A' BHÁIRD
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services