Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iománuidheacht i dTamhnach Fada - (I nGaedhilg Chondae Shligigh)
Title
Iománuidheacht i dTamhnach Fada - (I nGaedhilg Chondae Shligigh)
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Iománuidheacht i dTamhnach Fada (I nGaedhilg Chondae Shligigh) Is baramhail dam go mbu mhaith leis an aosóg cluin- steal an chaoi do-ghnímis iománuidheacht fad ó, 'nuair nach raibh acht Gaedhilg dá labhairt aguinn, agus 'nuair do bhíodh dhá oiread daoine 'sa tír is tá anois, faríor; céad slán leis an am sin. Is maith mo chuimhne ar lá saoire amháin, Lá 'l Muire nó Féil Brighde do b'eadh é, bhíomar le báire d'imirt i dTamhnach Fada, páirc do bhí le briseadh lá ar n-a bhárach, 's mar gheall ar sin fuaramar cead imirt ann. Do bhí ógánaigh gach taobh de'n droichead le bualadh i n-aghaidh a chéile agus mar sin bhíodar ar feadh na seacht- mhaine roimhe ag fagháil a gcuid camán fá réir i n-aghaidh an lae. Bhí sé ag cur ar túis an lae acht rinne sé toradh 'réis am aifrinn, is ghluaiseamar go mear chum na páirce ag déanamh grinn is magaidh fá n-a chéile. “Arú, a Mhíchil, an é sin cáimín d'athar atá leat, do ghoidís uaidh?” “Maiseadh ní cos céachta ann, mar atá agat-sa, a Aoidh, tá do chamóg chomh mór leis an soc,” adeireadh Micheál. Ar teacht dúinn ar an talamh do fuaras go raibh os cionn dhá fhichead fear ar aon taobh agus gan an leath- oiread ar an taobh eile, is ceapadh dhá taobh chomhthroma do déanamh thrí n-a chéile, thoghamar Donnchadh Ruadh agus an “Dochtúir Breac” mar dhá cheannphuirt orainn, cidh go ndubhairt an giolla crosach nach raibh de mhaith ann féin is nach raibh aige acht speitire do bhain sé sa gclaidhe sgeachach. “Ór' a mhothuigheann sibh an galuidhe,” ar siadsan, mar go rabh fhios aca go maith nach raibh fear in san tír d'fhéad baint leis ag iománuidheacht. Chuadar beirt i leith ar thaobh is do ghlaodhadar: — “Amach libh anois in bhur gcúplaíbh go ndéanfmaoid dhá leith chomhthroma dhíbh.” Bhí fhios ag gach duine a leithide fhéin go thoghadh, 's ní rabhamar i bhfad ag déanamh cúplaí dhínn fhéin, is ag tabhairt ainmní bréige orainn fhéin i gcogar. An chéad chúpla: — “Chugaibh isteach iad.” “Cia dhá'r dath iad?” “Osgar Mac Oisín is Goll Mac Morna.” “Béidh Goll agam.” “Tá sesean agat.” Cúpla eile: — “Bran agus Sgeolán.” Beirt eile — “Máire Ruadh agus an Calbhach buidhe” (tuincéar is a bhean do bhíodh i gcomhnuidhe ag clampar). Mar sin dúinn go raibh dhá bhuidhean chomhthroma déanta suas. Chaith duine a chamán suas 'san aer ag glaodhach amach, “bos no cos,” le taobh an bhuailte do thoghadh. Ghlaoidh duine eile “cos.” Dá dtuitfeadh sé trasna na páirce bhéadh sé 'n-a “Mhaide trasna,” agus b'éigin é do chaitheamh suas arís no go dtuitfeadh sé ar aghaidh no i mbarraibh. Cuireadh fear i mbéal gach báire le n-a gcosaint. “Cúil báire” tugadh orra. Is do gháir amach an “Dochtúir”: “Sgaraigí sibh féin anois, a chlann. Tá an fánaidh aca-san — an mhéid atá ann de, — acht atá an ghaoth linne, is caithfidh sibh bualadh suas go teann má buail sibh ariamh.” Caitheadh suas an liathróid 'réis seo agus “bhí an sop séidhte” — thoisigh an tionsgnadh. Bhíodh go leór gibeireacht i lár na faithche agus b'annamh do gheobhadh duine poc ar fhóghnamh do bhualadh ann, mar go rabh an iomarca ann ar thí a bhacadh. Fá dheireadh, seo amach an liathróid ar lár an crumuiscín agus fuair reathuidhe maith leó-san greim air go beacht. Siúd le 'fánaidh e, is ar muinntire-ne 'n-a dhiaidh mar thuile shléibhe. “Anois a Mhic Uí Luingsigh, a chladhaire! Cruthaigh thu féin. Seachain, Ciotóg ort,” uatha-san, agus sinne ag grágáil “cabhair, cabhair! a Chiotóig.” Thug an Luingseach an liathróid roimhe leis, fuisge- acht urchair de'n bháire, agus sul má'r fhéad giolla na ciotóige a bharadh thug sé an-bhuille dhi is bhí sí amuigh de'n phuc sin acht gur cheap ár gCúl-báire í agus thiomáin sé d'aon bhuille amháin í go lár na páirce arís, “O mo chroidhe, is m'anam thú a Shéamuis Fhada! Is tú nár chlis ariamh orainn i lá na cruadhóige,” uainne agus chuaidh an imirt ar aghaidh.
Bhí go leór seanóirí is cailíní óga ann ag amharc ar an ngreann ó chlaidhe na páirce is iad ag brosdughadh a gcarad féin, is ar amannta ag magadh fútha 'nuair do chlisfeadh a iarracht ar dhuine aca. Mhoitheófá: — “Maith a' fear a Dhomhnaill,” “aon mhuintir, aon mhuintir,” “Á, a Chalbhaigh Mhóir táir an- chodromanta,” “ná buail an talamh a Mártain, cad do rinnidh sé ort?” “Ná suidh 'san áit fhliuch sin a Aoidh Dhuibh” nuair do sgiur a chosa ó Aodh, is thuit sé ar a mhásaibh i lár plodáin uisge. Do rinneadar mórán grinn fá gharsún óg a dtugadar Seaghán Balbh air mar leas ainm. Ba as ceantar Gallda é, agus mar nár labhair sé acht Béarla ar dtúis ba é seo an fáth do bhí leis an ainm. Lá dá raibh sé i dtigh chomharsan tugadh buidéal dó le n-a thabhairt abhaile, acht mar go raibh sé sgoilte dubhairt an garsún, “this bottle is broke.” “Óra, a mháthair,” arsa cailín an tighe, “chonn- aic Seaghán Balbh an Broc.” Acht ba gearr go raibh Gaedhilg a sháith ag Seaghán, nár chaill sé ó shoin a leith. Ní mór dham a rádh gur chur caint na muinntire seo ar an gclaidhe spionadh is fuinneamh in sna hógánaigh dá mhéid de bhí ionnta cheana. Bhíomar ag gabháil dá chéile go tuitim na hoidhche, nuair b'éigin dúinn éirighe as, gan ceachtar aguinn báire do ghnóthughadh, acht amháin gur chuir gach taobh báire cuil amach, acht ní rabh de thairbhe ionnta súd acht poc i n-aisge do'n taobh eile. Ba iomdha camán do briseadh ag teacht i n-aghaidh a chéile acht bhí neart le fagháil ar iasacht ó na garsúin bheaga, agus liathróidí mar an gcéadna, nuair do stróicfí an leathar díobh. Ní chluinfeá acht corr-fhocal Béarla dá labhart aca — “bloranounters, sidy own a Dhoimnic,” mar go rabh Doimnic ciotach is do b'fhearr buille ciotóige uaidh ná dhá cheann ó'n deasóig, is mar sin ba ghnáthach leis tiompódh dá bhfuigheadh sé faill, rud nach raibh ceadach; acht go deimhin níor ghéilleamhar do na riaghalachaibh go ro-dhlúth an tráth sin. Mar dubhras, b'éigin dúinn éirighe as cídh go mba mhór an tnúth do bhí ag gach buidhean le “báire na fola” — an báire deireannach is do sgaipeamar sásta go leór linn fhéin is le chéile, agus cídh go meastar gur imirt borb í is ró-annamh do thárla míothapa ag ioma- nuidheacht. Corr-uair da bhfuigheadh duine slis-bhuille ar ghlúin no ar mhúrlán, ba é an gnás; do luighfeadh sé ar a leis ar an talamh is gheóbhadh fear eile greim troighe air is bhéarfadh sé trí tarraint do'n chois ag rádh le gach tarraint, “an leónadh seo?” Do fhreagróchadh an fear leónta “gortughadh,” is só chur sin biseach air, ar ball. Nár shimplidhe sóghanta iad aosóg an tráth sin thar iad-san atá ann anois. Acht 'réis sin is eile ba mhó an sult is aoibhneas do bhí aca 'ná tá ag na daoinibh óga an tráth i láthair. Tar éis an lae úd, do chaitheadar go meadhon oidhche ag an damhsa agus Tadhg Píobaire ag séideadh ceóil dóibh acht ba é baramhail gach duine go mba é sin an iománuidheacht do b'fhearr do bhí ariamh i dTamhnach Fada. Tagra Ag cur = short for ag cur fearthanna = raining. Rinne sé toradh = ceased raining. Cáimín = a walking stick with a curved handle. Giolla crosach, = the pock-marked fellow. Crosach = breac. Galuidhe, = one given to blarney or make-believe. Speitire, = an ill-shaped, undressed camán. Camóg, = the bent portion or bos of the camán. Cugaibh isteach iad. — This was the system of choosing sides when a very close division was desired. At other times “calling over” was resorted to, when the formula was — “Buailim (cuirim) ort;” ans. — “Leigim leat;” “Beidh P. agam,” “Beidh S. agam.” alternately. The naming of the couples usually created intense merri- ment, as it admitted of very clever local “hits.” Gibeireacht, = dribbling. Crumuisgín so pronounced, perhaps cormaisgín, = a cluster of people, &c. Sgiur, = slipped — slid. Sleamhnuigh was not used in this sense, it meant to smooth or polish. Plodán, = a puddle, of which it seems an Irish cor- ruption. Slis-bhuille, = a back-handed stroke. Múrlan, = the ankle. L. sé ar a leis = he lay on one hip, or on the side of his hip.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services