Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iománuidheacht i dTamhnach Fada - (I nGaedhilg Chondae Shligigh)

Title
Iománuidheacht i dTamhnach Fada - (I nGaedhilg Chondae Shligigh)
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Iománuidheacht i dTamhnach Fada
(I nGaedhilg Chondae Shligigh)



Is baramhail dam go mbu mhaith leis an aosóg cluin-
steal an chaoi do-ghnímis iománuidheacht fad ó, 'nuair
nach raibh acht Gaedhilg dá labhairt aguinn, agus 'nuair do
bhíodh dhá oiread daoine 'sa tír is tá anois, faríor;
céad slán leis an am sin.



Is maith mo chuimhne ar lá saoire amháin, Lá 'l Muire
nó Féil Brighde do b'eadh é, bhíomar le báire d'imirt
i dTamhnach Fada, páirc do bhí le briseadh lá ar n-a
bhárach, 's mar gheall ar sin fuaramar cead imirt ann.
Do bhí ógánaigh gach taobh de'n droichead le bualadh
i n-aghaidh a chéile agus mar sin bhíodar ar feadh na seacht-
mhaine roimhe ag fagháil a gcuid camán fá réir i
n-aghaidh an lae. Bhí sé ag cur ar túis an lae acht
rinne sé toradh 'réis am aifrinn, is ghluaiseamar go
mear chum na páirce ag déanamh grinn is magaidh fá
n-a chéile.



“Arú, a Mhíchil, an é sin cáimín d'athar atá leat,
do ghoidís uaidh?”



“Maiseadh ní cos céachta ann, mar atá agat-sa,
a Aoidh, tá do chamóg chomh mór leis an soc,” adeireadh
Micheál.



Ar teacht dúinn ar an talamh do fuaras go raibh os
cionn dhá fhichead fear ar aon taobh agus gan an leath-
oiread ar an taobh eile, is ceapadh dhá taobh chomhthroma
do déanamh thrí n-a chéile, thoghamar Donnchadh Ruadh agus
an “Dochtúir Breac” mar dhá cheannphuirt orainn,
cidh go ndubhairt an giolla crosach nach raibh de mhaith
ann féin is nach raibh aige acht speitire do bhain sé sa
gclaidhe sgeachach. “Ór' a mhothuigheann sibh an galuidhe,”
ar siadsan, mar go rabh fhios aca go maith nach raibh
fear in san tír d'fhéad baint leis ag iománuidheacht.



Chuadar beirt i leith ar thaobh is do ghlaodhadar: —
“Amach libh anois in bhur gcúplaíbh go ndéanfmaoid dhá
leith chomhthroma dhíbh.”



Bhí fhios ag gach duine a leithide fhéin go thoghadh, 's ní
rabhamar i bhfad ag déanamh cúplaí dhínn fhéin, is ag
tabhairt ainmní bréige orainn fhéin i gcogar. An
chéad chúpla: —



“Chugaibh isteach iad.”



“Cia dhá'r dath iad?” “Osgar Mac Oisín is Goll
Mac Morna.”



“Béidh Goll agam.” “Tá sesean agat.”



Cúpla eile: — “Bran agus Sgeolán.”



Beirt eile — “Máire Ruadh agus an Calbhach buidhe”
(tuincéar is a bhean do bhíodh i gcomhnuidhe ag clampar).
Mar sin dúinn go raibh dhá bhuidhean chomhthroma déanta
suas. Chaith duine a chamán suas 'san aer ag glaodhach
amach, “bos no cos,” le taobh an bhuailte do thoghadh.
Ghlaoidh duine eile “cos.” Dá dtuitfeadh sé trasna
na páirce bhéadh sé 'n-a “Mhaide trasna,” agus b'éigin é do
chaitheamh suas arís no go dtuitfeadh sé ar aghaidh no i
mbarraibh. Cuireadh fear i mbéal gach báire le n-a
gcosaint. “Cúil báire” tugadh orra. Is do gháir
amach an “Dochtúir”: “Sgaraigí sibh féin anois, a
chlann. Tá an fánaidh aca-san — an mhéid atá ann
de, — acht atá an ghaoth linne, is caithfidh sibh bualadh
suas go teann má buail sibh ariamh.” Caitheadh suas an
liathróid 'réis seo agus “bhí an sop séidhte” — thoisigh an
tionsgnadh. Bhíodh go leór gibeireacht i lár na faithche
agus b'annamh do gheobhadh duine poc ar fhóghnamh do bhualadh
ann, mar go rabh an iomarca ann ar thí a bhacadh. Fá
dheireadh, seo amach an liathróid ar lár an crumuiscín
agus fuair reathuidhe maith leó-san greim air go beacht.
Siúd le 'fánaidh e, is ar muinntire-ne 'n-a dhiaidh mar
thuile shléibhe.



“Anois a Mhic Uí Luingsigh, a chladhaire! Cruthaigh thu
féin. Seachain, Ciotóg ort,” uatha-san, agus sinne ag
grágáil “cabhair, cabhair! a Chiotóig.”



Thug an Luingseach an liathróid roimhe leis, fuisge-
acht urchair de'n bháire, agus sul má'r fhéad giolla na
ciotóige a bharadh thug sé an-bhuille dhi is bhí sí amuigh
de'n phuc sin acht gur cheap ár gCúl-báire í agus thiomáin
sé d'aon bhuille amháin í go lár na páirce arís, “O mo
chroidhe, is m'anam thú a Shéamuis Fhada! Is tú nár
chlis ariamh orainn i lá na cruadhóige,” uainne agus chuaidh
an imirt ar aghaidh.


L. 227


Bhí go leór seanóirí is cailíní óga ann ag amharc ar
an ngreann ó chlaidhe na páirce is iad ag brosdughadh
a gcarad féin, is ar amannta ag magadh fútha 'nuair
do chlisfeadh a iarracht ar dhuine aca.



Mhoitheófá: — “Maith a' fear a Dhomhnaill,” “aon
mhuintir, aon mhuintir,” “Á, a Chalbhaigh Mhóir táir an-
chodromanta,” “ná buail an talamh a Mártain, cad
do rinnidh sé ort?” “Ná suidh 'san áit fhliuch sin a
Aoidh Dhuibh” nuair do sgiur a chosa ó Aodh, is thuit sé
ar a mhásaibh i lár plodáin uisge. Do rinneadar
mórán grinn fá gharsún óg a dtugadar Seaghán Balbh
air mar leas ainm. Ba as ceantar Gallda é, agus mar
nár labhair sé acht Béarla ar dtúis ba é seo an fáth
do bhí leis an ainm. Lá dá raibh sé i dtigh chomharsan
tugadh buidéal dó le n-a thabhairt abhaile, acht mar go
raibh sé sgoilte dubhairt an garsún, “this bottle is
broke.” “Óra, a mháthair,” arsa cailín an tighe, “chonn-
aic Seaghán Balbh an Broc.” Acht ba gearr go raibh
Gaedhilg a sháith ag Seaghán, nár chaill sé ó shoin a leith.
Ní mór dham a rádh gur chur caint na muinntire seo ar
an gclaidhe spionadh is fuinneamh in sna hógánaigh dá
mhéid de bhí ionnta cheana.



Bhíomar ag gabháil dá chéile go tuitim na hoidhche,
nuair b'éigin dúinn éirighe as, gan ceachtar aguinn
báire do ghnóthughadh, acht amháin gur chuir gach taobh
báire cuil amach, acht ní rabh de thairbhe ionnta súd acht
poc i n-aisge do'n taobh eile. Ba iomdha camán do
briseadh ag teacht i n-aghaidh a chéile acht bhí neart le
fagháil ar iasacht ó na garsúin bheaga, agus liathróidí mar
an gcéadna, nuair do stróicfí an leathar díobh. Ní
chluinfeá acht corr-fhocal Béarla dá labhart aca —
“bloranounters, sidy own a Dhoimnic,” mar go rabh
Doimnic ciotach is do b'fhearr buille ciotóige uaidh ná
dhá cheann ó'n deasóig, is mar sin ba ghnáthach leis
tiompódh dá bhfuigheadh sé faill, rud nach raibh ceadach;
acht go deimhin níor ghéilleamhar do na riaghalachaibh go
ro-dhlúth an tráth sin.



Mar dubhras, b'éigin dúinn éirighe as cídh go mba
mhór an tnúth do bhí ag gach buidhean le “báire na
fola” — an báire deireannach is do sgaipeamar sásta
go leór linn fhéin is le chéile, agus cídh go meastar gur
imirt borb í is ró-annamh do thárla míothapa ag ioma-
nuidheacht. Corr-uair da bhfuigheadh duine slis-bhuille
ar ghlúin no ar mhúrlán, ba é an gnás; do luighfeadh
sé ar a leis ar an talamh is gheóbhadh fear eile greim
troighe air is bhéarfadh sé trí tarraint do'n chois ag rádh
le gach tarraint, “an leónadh seo?” Do fhreagróchadh
an fear leónta “gortughadh,” is só chur sin biseach air,
ar ball. Nár shimplidhe sóghanta iad aosóg an tráth
sin thar iad-san atá ann anois. Acht 'réis sin is eile
ba mhó an sult is aoibhneas do bhí aca 'ná tá ag na
daoinibh óga an tráth i láthair.



Tar éis an lae úd, do chaitheadar go meadhon oidhche
ag an damhsa agus Tadhg Píobaire ag séideadh ceóil
dóibh acht ba é baramhail gach duine go mba é sin
an iománuidheacht do b'fhearr do bhí ariamh i
dTamhnach Fada.



Tagra



Ag cur = short for ag cur fearthanna = raining.



Rinne sé toradh = ceased raining.



Cáimín = a walking stick with a curved handle.



Giolla crosach, = the pock-marked fellow. Crosach =
breac.



Galuidhe, = one given to blarney or make-believe.



Speitire, = an ill-shaped, undressed camán.



Camóg, = the bent portion or bos of the camán.



Cugaibh isteach iad. — This was the system of choosing
sides when a very close division was desired. At other
times “calling over” was resorted to, when the formula
was — “Buailim (cuirim) ort;” ans. — “Leigim leat;”



“Beidh P. agam,” “Beidh S. agam.” alternately. The
naming of the couples usually created intense merri-
ment, as it admitted of very clever local “hits.”



Gibeireacht, = dribbling.



Crumuisgín so pronounced, perhaps cormaisgín, = a
cluster of people, &c.



Sgiur, = slipped — slid. Sleamhnuigh was not used in
this sense, it meant to smooth or polish.



Plodán, = a puddle, of which it seems an Irish cor-
ruption.



Slis-bhuille, = a back-handed stroke.



Múrlan, = the ankle.



L. sé ar a leis = he lay on one hip, or on the side of
his hip.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services