Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ná leath do bhrat acht mar fhéadfair é chonnlacht, adeireadh na seandaoine, agus tá ciall agus éifeacht leis sin. Is amadánta an rud do dhuine dhá fheirm thalmhan do thógaint ar láimh muna bhfuil sé 'na chumas aon cheann amháin aca d'oibriughadh. Is an-chiallmhar agus is an-chlisde na daoine na Gearmánaigh sin, acht mar sin féin, tá breis fuadair fútha le fada. Táid said ag dul suas is anuas le Sasana ar mhargadh an domhain agus táid siad ag buaidh uirri i ngnóthaibh áirighthe, acht ar a shon soin is eile ní fhuil an t-airgead aca mar tá ag Seaghán agus is deacair dóibh an comórtas agus an cluithche do chur air. Tá a rian air, do bhris chuid d'á dtighthibh gnótha an tseachtmhain seo agus tá a thuilleadh aca ag crothadh agus ag luasgadh. Do chreachadar iad féin ag iarraidh a ngnóthaí do leathnughadh. Deir an “Tage- blatt,” páipéar Gearmánach, go bhfuil díolachán an iarrainn, an ghuail, na gloine, agus an adhmaid go han- mhall, agus go bhfuil na mílte fear díomhaoin le heasbadh oibre. Tá a thuilleadh aca nách feidir leó acht ocht sgillinge 'sa tseachtmhain do thuilleadh. Go dearbhtha do leath na Gearmánaigh a mbrat agus ní fhuil sé 'na gcumas é chonnlacht. Tá na hAmericánaigh leis ag leathadh a mbrat acht ní baoghal dóibhsean go fóil mar tá an t-airgead agus déantús a airgid aca. Má leathaid siad an brat ró thiugh stracfaidh sé 'sa lár agus beidh bualadh bas agus éigheamh, mar beidh mórán aca sgriosda. Sin mar do bhíonn go minic. Cuireann fear saotharach éigin gnó ar bun agus cuideachta chum an gnótha do chur ar aghaidh, agus caitheann a lán daoine go bhfuil súil le saidhbhreas aca, a ndorn airgid isteach 'sa ghnó, acht muna bhfuil macantacht agus eólas ag stiúrthóirí an ghnótha is geárr go dtagann an meathadh agus an briseadh croidhe. Is dóich le daoinibh óga, toisg go bhfuil mórán airgid i nAmericá nách bhfuil aca acht dul anonn agus é shluasdáil suas 'na charnánaibh agus é chur 'na bpócaibh. Mo thruagh mhór iad. Tuilltear le hallus an beagán atá dhóibh- sean. Tuilltear é go moch agus go deireannach. Is cosmháil a mbeatha le hasal tuinncéara — an tsrathar air ó mhaidean go tráthnóna agus cead cúpla uaire an cloig ist oidhche aige a earball do chrothadh agus é féin d'umalasg ar shop féir. I n-aimsir Chogaidh na gcarad is beag nách raibh an oiread longa ag na hAmericánaigh is do bhí ag Sasana. Longa seóil do b'eadh iad, déanta de adhmad acht tosnuigheadh ar longaibh do dhéanamh as iarrann is geárr 'na dhiaidh súd. Ní raibh na soirnne 'ná na ceárdchanna ag na hAmericánigh chum an iarrainn d'ullmhughadh agus do bhuaidh Sasana glan amach orra ag déanamh long. Beidh atharrughadh sgéil feasda. Tá na hAmericánigh ag cromadh ar longaibh do chumadh as cruaidh i n-ionad iarrainn agus táid siad ag ceannach longa ó Sheaghan mar an gcéadna. Támuidne óg, misneamhail, adeir siad, acht tá Seaghán 'na sheanduine mhanntach, easba anáile air agus na doigheacha ag gabháil dó. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services