Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Ná leath do bhrat acht mar fhéadfair é chonnlacht,
adeireadh na seandaoine, agus tá ciall agus éifeacht leis
sin. Is amadánta an rud do dhuine dhá fheirm thalmhan
do thógaint ar láimh muna bhfuil sé 'na chumas aon
cheann amháin aca d'oibriughadh. Is an-chiallmhar agus is
an-chlisde na daoine na Gearmánaigh sin, acht mar sin
féin, tá breis fuadair fútha le fada. Táid said ag
dul suas is anuas le Sasana ar mhargadh an domhain
agus táid siad ag buaidh uirri i ngnóthaibh áirighthe, acht ar
a shon soin is eile ní fhuil an t-airgead aca mar tá ag
Seaghán agus is deacair dóibh an comórtas agus an cluithche
do chur air. Tá a rian air, do bhris chuid d'á dtighthibh
gnótha an tseachtmhain seo agus tá a thuilleadh aca ag
crothadh agus ag luasgadh. Do chreachadar iad féin ag
iarraidh a ngnóthaí do leathnughadh. Deir an “Tage-
blatt,” páipéar Gearmánach, go bhfuil díolachán an
iarrainn, an ghuail, na gloine, agus an adhmaid go han-
mhall, agus go bhfuil na mílte fear díomhaoin le heasbadh
oibre. Tá a thuilleadh aca nách feidir leó acht ocht
sgillinge 'sa tseachtmhain do thuilleadh. Go dearbhtha
do leath na Gearmánaigh a mbrat agus ní fhuil sé 'na
gcumas é chonnlacht.



Tá na hAmericánaigh leis ag leathadh a mbrat acht ní
baoghal dóibhsean go fóil mar tá an t-airgead agus
déantús a airgid aca. Má leathaid siad an brat ró
thiugh stracfaidh sé 'sa lár agus beidh bualadh bas agus éigheamh,
mar beidh mórán aca sgriosda. Sin mar do bhíonn go
minic. Cuireann fear saotharach éigin gnó ar bun agus
cuideachta chum an gnótha do chur ar aghaidh, agus caitheann
a lán daoine go bhfuil súil le saidhbhreas aca, a ndorn
airgid isteach 'sa ghnó, acht muna bhfuil macantacht agus
eólas ag stiúrthóirí an ghnótha is geárr go dtagann an
meathadh agus an briseadh croidhe.



Is dóich le daoinibh óga, toisg go bhfuil mórán airgid
i nAmericá nách bhfuil aca acht dul anonn agus é shluasdáil
suas 'na charnánaibh agus é chur 'na bpócaibh. Mo thruagh
mhór iad. Tuilltear le hallus an beagán atá dhóibh-
sean. Tuilltear é go moch agus go deireannach. Is
cosmháil a mbeatha le hasal tuinncéara — an tsrathar
air ó mhaidean go tráthnóna agus cead cúpla uaire an
cloig ist oidhche aige a earball do chrothadh agus é féin
d'umalasg ar shop féir.



I n-aimsir Chogaidh na gcarad is beag nách raibh an
oiread longa ag na hAmericánaigh is do bhí ag Sasana.
Longa seóil do b'eadh iad, déanta de adhmad acht
tosnuigheadh ar longaibh do dhéanamh as iarrann is geárr
'na dhiaidh súd. Ní raibh na soirnne 'ná na ceárdchanna
ag na hAmericánigh chum an iarrainn d'ullmhughadh agus
do bhuaidh Sasana glan amach orra ag déanamh long.
Beidh atharrughadh sgéil feasda. Tá na hAmericánigh
ag cromadh ar longaibh do chumadh as cruaidh i n-ionad
iarrainn agus táid siad ag ceannach longa ó Sheaghan mar
an gcéadna. Támuidne óg, misneamhail, adeir siad,
acht tá Seaghán 'na sheanduine mhanntach, easba anáile
air agus na doigheacha ag gabháil dó.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services