Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sean-sgéal as Árainn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sean-sgéal as Árainn
Author(s)
Seóigheach, Stiophán,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Sean-sgéal as Árainn Bhí fear ann fad ó agus bhí triúr mac aige, nuair d'fhás siad suas na bhfearaibh óga thuit siad i ngrádh leis an mnaoi chéadna. Ní raibh aon tsuaimhneas eatorra acht ag troid le chéile fá an mnaoi óig so. Ar deireadh ghlaoidh a n-Athair orra chum a láthair agus dubhairt leó: “Ó thárla nach socróidh sibh eadraibh fhéin cia agaibh phósfas an bhean óg seo caithfidh sibh imtheacht as baile. So dhíbh,” deir sé, “trí chéad punt eadraibh, sé sin céad do gach duine agaibh.” Ghlac siad an t-airgead agus d'imthigh leó. Bhí siad ag imtheacht go dtáinic siad do áit i n-a raibh trí bhóthair ag teacht chum a chéile agus suidh siad síos gur leig siad a sgíth. Nuair bhí siad réidh le imteacht arís do rin siad acht le chéile go dtiocfadh siad i gceann a chéile arís bliadhain ó'n lá sin ins an áit sin. Sgar siad ó chéile ann sin agus thóig gach duine aca ród do na trí róid. Ní fada chuaidh duine aca gur casadh leis fear agus é ag díol gloine radhairc, agus dubhairt dá gcuirfeadh an ghloine sin lé n-a dhá shúil agus ainm aon duine labhairt trí huaire pé áit ar an domhan bhéadh sé go bhfeicfeadh é. “Agus cad é luach na gloine sin.” ar san chéad dearbhráthair leis. “Leath céad punt,” ar san fear
leis. “Is mór an luach é sin,” ar san dearbhráthair leis, “agus ní'l agam acht céad punt, acht mar sin fhéin ceannó'd é. Thug sé dhó an leath-chéad punt annsin, agus thug an fear dó an ghluine. Ní raibh an dara dearbhráthair ag siubhal i bhfad ar an ród a thóg sé fhéin gur casadh fear leis agus é ag díol ploid. “Muise a dhuine chóir,” dubhairt sé, “an gceannóidh tú an phloid seo uaim?” “Cia an ghnó a bhéadh agam-sa do'n phloid sin” ar san dara dearbh- ráthair leis. “Ó,” ar seisean, “níl aon áit ar an domhan dár mhaith leat bheith ann nach mbéidh tú ann ar an tapa acht an phloid seo chasadh thart fhéin.” “Agus cia mhéad luach na ploide,” ar san dara dearbhráthair leis. “Leath-chéad punt,” ar fear na ploide, “muise is mór an luach é sin ach mar sin féin ceannóidh mé uait í.” Thug sé leath-chéad punt dó, ann sin, ar an ploid agus d'imthigh 'n-a bhealach. Nuair sgar an tríomhadh dearbhráthair ó'n bheirt eile níor shiubhail sé i bhfad gur casadh leis fear agus é ag díol lán buidéil uisge na híocshláinte. “Agus cia an mhaith atá leis sin,” ar san tríomhadh dearbhráthair. “Ó,” ar seisean, “da mbéadh duine tinn ann, is cuma cia an tinneas bheádh air, dá n-ólfadh sé braon as an mbuidéal seo gheobhadh biseach ar an móiméad.” “Cad é a luach,” ar san dearbhráthair. “Leath-chéad punt,” arsa an fear leis. “Is mór an luach é sin, acht mar sin féin ceannóidh é uait é.” Thug sé dhó leath chéad punt annsin. Thug an fear an buidéal dó agus d'imthigh leis i n-a bhealach. I gceann bliadhna casadh an triúr dearbhráthar dá chéile ins an áit chéadna a sgar siad ó chéile. Shuidh siad síos gur leig siad a sgíth agus gur innis siad dóibh féin cá raibh siad céard a chonnaic siad agus céard a d'éirigh dhóibh. Dubhairt an chéad fhear ná raibh pighinn dá chéad punt aige acht go raibh rud níos fearr aige. Spáin sé dhóibh an ghloine radhairc agus d'innis sé dhóibh faoi, agus an nós ná raibh lé déanamh aige acht ainm aon nduine i n-aon áit ar an domhan a rádh agus an ghloine chur le n-a shúil agus go bhfeicfeadh sé é. Dubhairt an dara dearbhráthair ná raibh aon chuid dá chéad punt aige fhéin acht go raibh rud níos feárr aige, sé sin go raibh ploid aige agus pé áit ar domhan dar mhian leat bheith ann ní raibh le déanamh agat acht an phloid seo chasadh thart féin agus bhéitheá ann. Dubhairt an tríomhadh dearbhráthair ná raibh aon chuid da chéad punt aige féin acht go raibh rud níos feárr aige sé sin go raibh buidéal d'uisge na híocshláinte aige agus pé tinneas bhéadh ar dhuine dá n-ólfadh sé braon as an mbuidéal seo go bhfuigheadh sé biseach ar an móiméad. Bhí an triúr dearbhráthair ag caint agus ag cur síos ar gach áit dá raibh siad, agus gach rud do chonnaic siad go ndubhairt an dara dearbhráthair ar deireadh; “ní'l fhios agam cia an nós tá an cailín óg seo d'fhág sinn n-ar ndiaidh.” “Ní bhéidh tú i bhfad mar sin,” dubhairt an chéad dearbhráthair ag cur na gloine radhairc le na shúil. “Ó,” ar seisean, “tá sí tinn ar a leabaidh. Is dóiche go bhfuil sí i riocht a báis mar tá a mháthair ag caoineadh go cráidhte agus tá mórán daoine thart timcheall a leabadh.” “Dá mbéadh mise ann sin,” ar san tríomhadh dearbhráthair “d'fhéadfainn braon de'n uisge as an mbuidéal seo thabhairt di agus do-gheobhadh sí a sláinte ar an móiméad.” “Ní bhéidh sé i bhfad go mbéidh tú ann,” ar san dara dearbhráthair. “Seo,” deir sé leis an bheirt eile, “taraidh isteach san bploid seo, agus béidh sinn ann ar an tapa.” Tháinic an bheirt eile leis agus chas sé an phloid thart timcheall orrab uile agus ar an móiméad bhí siad ins an seomra a raibh an bhean tinn ann. Thug an tríomhadh dearbhráthair braon as an mbuidéal di agus d'éirigh sí suas chó maith agus bhí sí ariamh. Dubhairt a muinntir an sin gur leis an bhean óg seo, ó cheart mar is é leighis í. “Ní leis,” ar san chéad dearbhráthair acht liom-sa mar is mé chonnairc go raibh sí tinn le mo ghloine radhairc.“ Bhíodar mar sin ag siúiteadh le chéile fá an mnaoi óig gur labhair sí fhéin ar deireadh agus sin tomhais ort a léightheóir cia aca fear a dubhairt sí b'fhearr an uidh air í; an chéad dearbh- ráthair a chonnairc í tinn i n-a leabaidh le n-a ghloine radhairc mar gan an ghloine sin ní bhéadh fios aca go raibh sí tinn, agus dá siubhalfaidís abhaile bhéadh sí básuighthe roimhe; nó an dara dearbhráthair mar gan a phloid ní bhéadh siad san mbaile i n-am lé n-a sámháil; nó an tríomhadh dearbhráthair, mar gan buidéal na híocshláinte bhí aige gur leighis í bhéadh sí básuighthe. Is é adubhairt an cailín fhéin gur leis an dara fear í mar nuair bhí siad n-a suidhe síos ag léigean a sgíthe mar 'adh gur labhair sé uirri ní chuimhneóchadh an bheirt uirri agus bhéadh sí básuighthe nuair bhéadh siad san mbaile dá gcois. Stiophán Seóigheach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services