Cúrsaidhe an tSaoghail
Sean-sgéal as Árainn
Bhí fear ann fad ó agus bhí triúr mac aige, nuair d'fhás
siad suas na bhfearaibh óga thuit siad i ngrádh leis an
mnaoi chéadna. Ní raibh aon tsuaimhneas eatorra acht
ag troid le chéile fá an mnaoi óig so. Ar deireadh
ghlaoidh a n-Athair orra chum a láthair agus dubhairt leó:
“Ó thárla nach socróidh sibh eadraibh fhéin cia agaibh
phósfas an bhean óg seo caithfidh sibh imtheacht as baile.
So dhíbh,” deir sé, “trí chéad punt eadraibh, sé sin
céad do gach duine agaibh.” Ghlac siad an t-airgead agus
d'imthigh leó. Bhí siad ag imtheacht go dtáinic siad do
áit i n-a raibh trí bhóthair ag teacht chum a chéile agus suidh
siad síos gur leig siad a sgíth. Nuair bhí siad réidh le
imteacht arís do rin siad acht le chéile go dtiocfadh
siad i gceann a chéile arís bliadhain ó'n lá sin ins an
áit sin. Sgar siad ó chéile ann sin agus thóig gach duine
aca ród do na trí róid.
Ní fada chuaidh duine aca gur casadh leis fear agus é
ag díol gloine radhairc, agus dubhairt dá gcuirfeadh an
ghloine sin lé n-a dhá shúil agus ainm aon duine labhairt
trí huaire pé áit ar an domhan bhéadh sé go bhfeicfeadh
é. “Agus cad é luach na gloine sin.” ar san chéad
dearbhráthair leis. “Leath céad punt,” ar san fear
leis. “Is mór an luach é sin,” ar san dearbhráthair
leis, “agus ní'l agam acht céad punt, acht mar sin fhéin
ceannó'd é. Thug sé dhó an leath-chéad punt annsin, agus
thug an fear dó an ghluine.
Ní raibh an dara dearbhráthair ag siubhal i bhfad ar an
ród a thóg sé fhéin gur casadh fear leis agus é ag díol
ploid. “Muise a dhuine chóir,” dubhairt sé, “an
gceannóidh tú an phloid seo uaim?” “Cia an ghnó a
bhéadh agam-sa do'n phloid sin” ar san dara dearbh-
ráthair leis. “Ó,” ar seisean, “níl aon áit ar an
domhan dár mhaith leat bheith ann nach mbéidh tú ann ar
an tapa acht an phloid seo chasadh thart fhéin.” “Agus
cia mhéad luach na ploide,” ar san dara dearbhráthair
leis. “Leath-chéad punt,” ar fear na ploide, “muise
is mór an luach é sin ach mar sin féin ceannóidh mé
uait í.” Thug sé leath-chéad punt dó, ann sin, ar an
ploid agus d'imthigh 'n-a bhealach.
Nuair sgar an tríomhadh dearbhráthair ó'n bheirt eile
níor shiubhail sé i bhfad gur casadh leis fear agus é ag
díol lán buidéil uisge na híocshláinte. “Agus cia an
mhaith atá leis sin,” ar san tríomhadh dearbhráthair.
“Ó,” ar seisean, “da mbéadh duine tinn ann, is cuma
cia an tinneas bheádh air, dá n-ólfadh sé braon as an
mbuidéal seo gheobhadh biseach ar an móiméad.” “Cad
é a luach,” ar san dearbhráthair. “Leath-chéad punt,”
arsa an fear leis. “Is mór an luach é sin, acht mar
sin féin ceannóidh é uait é.” Thug sé dhó leath chéad
punt annsin. Thug an fear an buidéal dó agus d'imthigh
leis i n-a bhealach. I gceann bliadhna casadh an triúr
dearbhráthar dá chéile ins an áit chéadna a sgar siad ó
chéile. Shuidh siad síos gur leig siad a sgíth agus gur
innis siad dóibh féin cá raibh siad céard a chonnaic
siad agus céard a d'éirigh dhóibh. Dubhairt an chéad fhear
ná raibh pighinn dá chéad punt aige acht go raibh rud
níos fearr aige. Spáin sé dhóibh an ghloine radhairc agus
d'innis sé dhóibh faoi, agus an nós ná raibh lé déanamh aige
acht ainm aon nduine i n-aon áit ar an domhan a rádh
agus an ghloine chur le n-a shúil agus go bhfeicfeadh sé é.
Dubhairt an dara dearbhráthair ná raibh aon chuid dá
chéad punt aige fhéin acht go raibh rud níos feárr aige,
sé sin go raibh ploid aige agus pé áit ar domhan dar
mhian leat bheith ann ní raibh le déanamh agat acht an
phloid seo chasadh thart féin agus bhéitheá ann. Dubhairt an
tríomhadh dearbhráthair ná raibh aon chuid da chéad punt
aige féin acht go raibh rud níos feárr aige sé sin go
raibh buidéal d'uisge na híocshláinte aige agus pé tinneas
bhéadh ar dhuine dá n-ólfadh sé braon as an mbuidéal
seo go bhfuigheadh sé biseach ar an móiméad. Bhí an
triúr dearbhráthair ag caint agus ag cur síos ar gach áit
dá raibh siad, agus gach rud do chonnaic siad go ndubhairt
an dara dearbhráthair ar deireadh; “ní'l fhios agam
cia an nós tá an cailín óg seo d'fhág sinn n-ar
ndiaidh.” “Ní bhéidh tú i bhfad mar sin,” dubhairt an
chéad dearbhráthair ag cur na gloine radhairc le na
shúil. “Ó,” ar seisean, “tá sí tinn ar a leabaidh. Is
dóiche go bhfuil sí i riocht a báis mar tá a mháthair ag
caoineadh go cráidhte agus tá mórán daoine thart timcheall
a leabadh.” “Dá mbéadh mise ann sin,” ar san
tríomhadh dearbhráthair “d'fhéadfainn braon de'n uisge
as an mbuidéal seo thabhairt di agus do-gheobhadh sí a
sláinte ar an móiméad.” “Ní bhéidh sé i bhfad go
mbéidh tú ann,” ar san dara dearbhráthair. “Seo,”
deir sé leis an bheirt eile, “taraidh isteach san bploid
seo, agus béidh sinn ann ar an tapa.” Tháinic an bheirt
eile leis agus chas sé an phloid thart timcheall orrab uile
agus ar an móiméad bhí siad ins an seomra a raibh an
bhean tinn ann. Thug an tríomhadh dearbhráthair braon
as an mbuidéal di agus d'éirigh sí suas chó maith agus bhí sí
ariamh. Dubhairt a muinntir an sin gur leis an bhean
óg seo, ó cheart mar is é leighis í. “Ní leis,” ar san
chéad dearbhráthair acht liom-sa mar is mé chonnairc go
raibh sí tinn le mo ghloine radhairc.“ Bhíodar mar sin
ag siúiteadh le chéile fá an mnaoi óig gur labhair sí fhéin
ar deireadh agus sin tomhais ort a léightheóir cia aca fear
a dubhairt sí b'fhearr an uidh air í; an chéad dearbh-
ráthair a chonnairc í tinn i n-a leabaidh le n-a ghloine
radhairc mar gan an ghloine sin ní bhéadh fios aca go
raibh sí tinn, agus dá siubhalfaidís abhaile bhéadh sí básuighthe
roimhe; nó an dara dearbhráthair mar gan a phloid ní
bhéadh siad san mbaile i n-am lé n-a sámháil; nó an
tríomhadh dearbhráthair, mar gan buidéal na híocshláinte
bhí aige gur leighis í bhéadh sí básuighthe. Is é adubhairt
an cailín fhéin gur leis an dara fear í mar nuair bhí
siad n-a suidhe síos ag léigean a sgíthe mar 'adh gur
labhair sé uirri ní chuimhneóchadh an bheirt uirri agus bhéadh
sí básuighthe nuair bhéadh siad san mbaile dá gcois.
Stiophán Seóigheach
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11