Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is sean nós é nuair do ghabhann rí nuadh seilbh i ríoghacht a shinnsear go seólann ríghthe eile dream teachtairí chuige le rádh leis “go mairir do sheilbh.” Is annamh do thagann an ghuidhe sin ó n-a gcroidhe, acht ar a shon soin cóimhlíontar an sean ghnás. Léighim gur chuir Mulaí-Abdel-Asis a dhrong cómh-chumainn chum rígh Shasana an tseachtmhain seo agus gan amhras béidh fáilte roimh an drong soin. Is mar mhaithe leis féin do ghnídheann an cat crónán. Is as an Marocó do na teachtairíbh seo. Tá an tír sin ar an dtaobh thiar thuaidh de'n Afric, agus ar a chómhursanacht annsúd tá tír eile gurab ainm di Algeria. Is leis an bhFrancach an Algeria seo indiu. Fuair sé í le duadh, mar áirimhígh- thear gur cailleadh céad míle go leith saighdiúir agus gur chosain an cogadh do bhriseadh amach anois agus arís níos 'mó 'ná céad milliún púnt airgid. Táthar d'á rádh go bhfuil dúil ag an bhFrancach ins an Marocó, agus ba bheag ar Sheaghán Bhuidhe an tír sin do bheith fá bhuannacht an Fhrancaigh. Béidh achrann annsúd chómh dearbhtha is tá súil id' cheann. Tá na Francaigh i nAlgeria agus na Múraigh ag dranntán chum a chéile le bliadhain. Gearánann na Francaigh gurab í Sasana atá ag gríosadh na Múrach agus ag tabhairt arm dóibh a gan fhios. Tír mhór is eadh an Marocó, tá seacht n-oiread Éireann innte acht ní fhuil níos 'mó daoine innte 'ná bhí i nÉirinn tá trí fichid bliadhan ó shoin sul ar mhill an Droch-shaoghal iad. Deirthí ins an tsean-aimsir go raibh arbhar de'n tsaoghal ag fás i Mauretania — ainm choitcheann do bhí ar an réise talmhan soin do luigheann ó'n Égipt thoir go dtí an Mhuir Mhór thiar agus atá roinnte indiu 'na críochaibh, mar ata, Marocó, Algeria, Túnis, Fesan, Tripóli agus Barca. Státa na Bárbarí do ghlaoidhtí ar na ceanntraibh seo ins an aimsir atá i ngar tharainn. Do bh'fhiú dho dhuine a stáir siúd do léigheadh. Do leigheas féin é go cíocrach. Is annsúd do bhí an phríomh-chathair chúmachtach úd Cartágó do throid leis na Rómhánaigh ar feadh na gcéadta bliadhan. Ní fhuil 'na hionad anois acht fásach, agus amhastruigheann an mactíre agus búithrígheann an leómhan ist oidhche ar an bhfaithche mar a gcóirígheadh Hannibal a shluaighte cómhraic. Tá an Cartagíneach, an Rómhánach agus an Sarisíneach imthighthe fá mar do thuiteann réiltín thríd an spéir agus téidheann a sholus i n-éag. Do leathadh an creideamh Críostaidhe annsúd; bhí céad agus trí fichid dóiseas ann, acht tháinig an Sarisíneach aniar ndeas le n-a chlaidheamh géar agus a sgread fhiadhain, agus do mheil sé an Rómhánach agus do mhúch sé an creideamh. Tá fir chruadha fós i Státaibh na Bárbarí acht is beag é a gcumhacht anois seachas mar do bhí fadó, mar is beag baile cuain ó'n Muir Ruaidh go dtí Baile-tighe-mhóir i gCorcaigh ná'r bhaineadar greim as uair éigin d'á saoghal. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services