Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is sean nós é nuair do ghabhann rí nuadh seilbh i
ríoghacht a shinnsear go seólann ríghthe eile dream
teachtairí chuige le rádh leis “go mairir do sheilbh.” Is
annamh do thagann an ghuidhe sin ó n-a gcroidhe, acht ar
a shon soin cóimhlíontar an sean ghnás. Léighim gur
chuir Mulaí-Abdel-Asis a dhrong cómh-chumainn chum
rígh Shasana an tseachtmhain seo agus gan amhras béidh
fáilte roimh an drong soin. Is mar mhaithe leis féin
do ghnídheann an cat crónán. Is as an Marocó do
na teachtairíbh seo. Tá an tír sin ar an dtaobh thiar
thuaidh de'n Afric, agus ar a chómhursanacht annsúd tá tír
eile gurab ainm di Algeria. Is leis an bhFrancach an
Algeria seo indiu. Fuair sé í le duadh, mar áirimhígh-
thear gur cailleadh céad míle go leith saighdiúir agus gur
chosain an cogadh do bhriseadh amach anois agus arís níos
'mó 'ná céad milliún púnt airgid.



Táthar d'á rádh go bhfuil dúil ag an bhFrancach ins an
Marocó, agus ba bheag ar Sheaghán Bhuidhe an tír sin do
bheith fá bhuannacht an Fhrancaigh. Béidh achrann annsúd
chómh dearbhtha is tá súil id' cheann. Tá na Francaigh i
nAlgeria agus na Múraigh ag dranntán chum a chéile le
bliadhain. Gearánann na Francaigh gurab í Sasana
atá ag gríosadh na Múrach agus ag tabhairt arm dóibh a
gan fhios. Tír mhór is eadh an Marocó, tá seacht
n-oiread Éireann innte acht ní fhuil níos 'mó daoine
innte 'ná bhí i nÉirinn tá trí fichid bliadhan ó shoin sul
ar mhill an Droch-shaoghal iad.



Deirthí ins an tsean-aimsir go raibh arbhar de'n
tsaoghal ag fás i Mauretania — ainm choitcheann do bhí ar
an réise talmhan soin do luigheann ó'n Égipt thoir go
dtí an Mhuir Mhór thiar agus atá roinnte indiu 'na
críochaibh, mar ata, Marocó, Algeria, Túnis, Fesan,
Tripóli agus Barca. Státa na Bárbarí do ghlaoidhtí
ar na ceanntraibh seo ins an aimsir atá i ngar tharainn.
Do bh'fhiú dho dhuine a stáir siúd do léigheadh. Do
leigheas féin é go cíocrach. Is annsúd do bhí an
phríomh-chathair chúmachtach úd Cartágó do throid leis na
Rómhánaigh ar feadh na gcéadta bliadhan. Ní fhuil 'na
hionad anois acht fásach, agus amhastruigheann an mactíre
agus búithrígheann an leómhan ist oidhche ar an bhfaithche mar
a gcóirígheadh Hannibal a shluaighte cómhraic. Tá an
Cartagíneach, an Rómhánach agus an Sarisíneach imthighthe fá
mar do thuiteann réiltín thríd an spéir agus téidheann a
sholus i n-éag. Do leathadh an creideamh Críostaidhe
annsúd; bhí céad agus trí fichid dóiseas ann, acht tháinig
an Sarisíneach aniar ndeas le n-a chlaidheamh géar agus a
sgread fhiadhain, agus do mheil sé an Rómhánach agus do mhúch
sé an creideamh. Tá fir chruadha fós i Státaibh na
Bárbarí acht is beag é a gcumhacht anois seachas mar
do bhí fadó, mar is beag baile cuain ó'n Muir Ruaidh
go dtí Baile-tighe-mhóir i gCorcaigh ná'r bhaineadar
greim as uair éigin d'á saoghal.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services