Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óid Do'n Oireachtas, 1901
Title
Óid Do'n Oireachtas, 1901
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÓID DO'N OIREACHTAS, 1901 I. Eist liom a cháirde tá sgéal le rádh gham Ar an gcréatúr gránna do bhuail fúinn A bhfuil dhá sgiathán air chomh leathan láidir Le conndae an Chláir, no le cúige Múmhan. Ní'l lá ná oidhche nach mbíonn sinn claoidhte A's ar mbiadh ithte ar slighe nach cóir Ag an gcréatúir dána tá teacht tar sáile 'Sé a ainm gránna - AN PRÉUCHÁN MÓR. II. Cá bhfuil na prátaidh do bhí ag Pádraig? Bhí siad go h-áluinn san bpáisc ag fás, Go dtáinig an t-éan sin le nimh na bhéal dubh, Agus sgeith sé an t-éag an phláigh 's an bás, Tamaoid le chéile 's ár gcroidhe ag léimnigh Faoi airm ghéara, dul ar i thóir, Tá toradh na h-Éireann gach lá dá réabadh Ag an éan dubh bréan sin, AN PRÉACHÁN MÓR. III. Is mi-ádh mór é, is rud nach cóir é, Sé cúis ár mbróin é, an t-éan mór dubh D'fhág eórna briste as cruithneacht sgriosta A's coirce millte againn go tiugh Ag siad na ndaoine gach uile oidhche Ag sgrios na tíre 's ag goid ár stóir, Agus glug-glug Béarla 'na sgornach bréan sin Sé éan an Bhéarla an PRÉUCHÁN MÓR. IV. Do sgap is do réab sé na prátaidh gléigeal Do bhí go séanmhar ar bharr na cré Thug lón a's biadh don tseanóir liath Thug lón a's biadh do'n pháistín féin. Acht tá siad sgartha, ithte as sgartha Pioctha a's lobhtha a's dubh go leór Ag an éan mor bradach tá teacht as Sacsain. 'S gur b'é a ainm AN PRÉUCHÁN MÓR. V. Tigidhe le chéile a clann na h-Éireann Go láidir, gléasta, go bríoghmhar breágh Go gcuirfimíd ruaig arís go luath Le géar lunn cruaidh ar éan an chráidh Buail amach é, lean agus creach é Is námhaid cách é d'fhág mílte i mbrón An sgiúirsa millteach AN PRÉUCHÁN MÓR. VI. Tiucfaidh an lá a mbéidh grásta a's ghrádh. A mbeidh séan agus ádh ar an Oileán, fós, 'S bheidh an tSeamróg ghlas do chaill a blas Arís go hárd os cionn an Róis. Ní bhéidh droch-sión ar feadh na mbliadhan Soillseóchaidh an ghrian arís mar ór, Nuair béidh sé marbh, a's shíos san talamh, Ár sgrios, ár mallacht, AN PRÉACHÁN MÓR. — “AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services