Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óid Do'n Oireachtas, 1901

Title
Óid Do'n Oireachtas, 1901
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ÓID DO'N OIREACHTAS, 1901



I.
Eist liom a cháirde tá sgéal le rádh gham
Ar an gcréatúr gránna do bhuail fúinn
A bhfuil dhá sgiathán air chomh leathan láidir
Le conndae an Chláir, no le cúige Múmhan.
Ní'l lá ná oidhche nach mbíonn sinn claoidhte
A's ar mbiadh ithte ar slighe nach cóir
Ag an gcréatúir dána tá teacht tar sáile
'Sé a ainm gránna - AN PRÉUCHÁN MÓR.



II.
Cá bhfuil na prátaidh do bhí ag Pádraig?
Bhí siad go h-áluinn san bpáisc ag fás,
Go dtáinig an t-éan sin le nimh na bhéal dubh,
Agus sgeith sé an t-éag an phláigh 's an bás,
Tamaoid le chéile 's ár gcroidhe ag léimnigh
Faoi airm ghéara, dul ar i thóir,
Tá toradh na h-Éireann gach lá dá réabadh
Ag an éan dubh bréan sin, AN PRÉACHÁN MÓR.



III.
Is mi-ádh mór é, is rud nach cóir é,
Sé cúis ár mbróin é, an t-éan mór dubh
D'fhág eórna briste as cruithneacht sgriosta
A's coirce millte againn go tiugh
Ag siad na ndaoine gach uile oidhche
Ag sgrios na tíre 's ag goid ár stóir,
Agus glug-glug Béarla 'na sgornach bréan sin
Sé éan an Bhéarla an PRÉUCHÁN MÓR.



IV.
Do sgap is do réab sé na prátaidh gléigeal
Do bhí go séanmhar ar bharr na cré
Thug lón a's biadh don tseanóir liath
Thug lón a's biadh do'n pháistín féin.
Acht tá siad sgartha, ithte as sgartha
Pioctha a's lobhtha a's dubh go leór
Ag an éan mor bradach tá teacht as Sacsain.
'S gur b'é a ainm AN PRÉUCHÁN MÓR.



V.
Tigidhe le chéile a clann na h-Éireann
Go láidir, gléasta, go bríoghmhar breágh
Go gcuirfimíd ruaig arís go luath
Le géar lunn cruaidh ar éan an chráidh
Buail amach é, lean agus creach é
Is námhaid cách é d'fhág mílte i mbrón
An sgiúirsa millteach AN PRÉUCHÁN MÓR.



VI.
Tiucfaidh an lá a mbéidh grásta a's ghrádh.
A mbeidh séan agus ádh ar an Oileán, fós,
'S bheidh an tSeamróg ghlas do chaill a blas
Arís go hárd os cionn an Róis.
Ní bhéidh droch-sión ar feadh na mbliadhan
Soillseóchaidh an ghrian arís mar ór,
Nuair béidh sé marbh, a's shíos san talamh,
Ár sgrios, ár mallacht, AN PRÉACHÁN MÓR.



— “AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services