Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Obair an tSamhraidh
Title
Obair an tSamhraidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 25, 1901 Obair an tSamhraidh Ba mhaith liom roinnt focal do rádh le n-ár gcáirdibh i dtaobh cionnus an aimsir do chaitheamh i leas na Gaedhilge i rith an tSamhraidh. Do thaitin go mór liom, an litir do chuir Tomás O Domhnaill, Feisire, ag triall ar na páipéaraibh. Caithfear na máighistrí do mhúineadh i dtosach, má's maith na sgoileanna bheith Gaedhealach. Tá cuid mhór de na máighistríbh, nach bhfuil fagháil aca ar éan-duine mhúinfeadh Gaedhilg dóibh. Níor ró-mhór an gnó dhóibh dul do caitheamh a laethe saoire i mBall éigin cois fairrge go bhféadfaidís bailiughadh i dteanta a chéile agus Gaedhilg d'fhoghluim. Airighmíd tuilleadh cainte thar na Feiseannaibh bliadhna. Ní hi n-éan-tseachtmhain amháin is féidir socrughadh roimh feis, mar adubhart cheana. Ní féidir áireamh a liacht maitheas is do-ghní feis bhliadhna i n-áitibh na bíonn aca go minic a mhalairt de saoirseacht ná d'aeridheacht. Tugann siad sáir-chleasanna na nGae- dheal go soiléir os comhair an phobail, agus i ndeireadh na mbeart bíd na daoine sanntach cucha, agus mórcúiseach asta. Tá a lán rudaí le déanamh i rith an tSamhraidh ag lucht sgríobhtha na Gaedhilge. Táid amhráin, agus sgéalta, agus sean-fhocail, agus tomhsanna, agus cleasanna fós gan cur síos. Táid na sean-daoine, an dream go bhfuilid 'n-a gceart aca, ag fagháil bháis gach éan-lá. Béidh caillte go deóidh orainn muna ndéantar iarracht láidir ar a gcur síos i n-am. Ní'l slighe is fearr chum Gaedhilge fhoghluim 'ná dul i measg na seandaoine ag cur síos uatha agus 'gá spreagadh chum Gaedhilge d'úsáid. Tógann sé a gcroidhthe agus téidheann sé do leathadh na Gaedhilge. Ba chóir do gach duine go bhfuil sé ar a chumus Gaedhilge do sgríobhadh leabhar do bheith aige i gcomhnuidhe, agus bheith i gcomhnuidhe ag cur síos. As an soláthar so is eadh d'fhásfaidh nuaidh-litridheacht na Gaedhilge. Tá d'fhiachaibh ar gach duine a dhícheall do dhéanamh chuige sin. Níor mhaith liom críochnughadh gan focal no dó i dtaoibh an cheóil. Is againn atá an ceól is fearr ar domhan do réir na n-ughdar. Má's maith linn an ceól soin go chlos caithfimíd dul ar a lorg go dtí na daoine go bhfuil sé fíor-Ghaedhealach aca. Is baoghalach go bhfuil mórán de'n cheól leis gan cur síos. Dá luaithe do-ghéantar soin dá fheabhas. Chítear dúinn gur féidir mórán do dhéanamh i rith an tSamhraidh ar na nidhthibh ar bhfuil tráchttha againn. Ba mhaith linn na daoine do smaoineamh orra agus a gcur i ngníomh an oiread agus is féidir. Má's áil linn clú na hÉireann ar nduthchas beag féin, do mhéadughadh, ní tre sheasgaireacht do thiocfaidh linn a dhéanamh. Caithfimíd luighe isteach ar obair. Ní iarrtar ar éan-duine an iomarca do dhéanamh acht caithfidh gach éinne cabhrughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services