Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Obair an tSamhraidh

Title
Obair an tSamhraidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 25, 1901



Obair an tSamhraidh



Ba mhaith liom roinnt focal do rádh le n-ár gcáirdibh
i dtaobh cionnus an aimsir do chaitheamh i leas na
Gaedhilge i rith an tSamhraidh. Do thaitin go mór liom,
an litir do chuir Tomás O Domhnaill, Feisire, ag triall
ar na páipéaraibh. Caithfear na máighistrí do mhúineadh
i dtosach, má's maith na sgoileanna bheith Gaedhealach.
Tá cuid mhór de na máighistríbh, nach bhfuil fagháil aca
ar éan-duine mhúinfeadh Gaedhilg dóibh. Níor ró-mhór
an gnó dhóibh dul do caitheamh a laethe saoire i mBall
éigin cois fairrge go bhféadfaidís bailiughadh i dteanta
a chéile agus Gaedhilg d'fhoghluim.



Airighmíd tuilleadh cainte thar na Feiseannaibh
bliadhna. Ní hi n-éan-tseachtmhain amháin is féidir
socrughadh roimh feis, mar adubhart cheana. Ní féidir
áireamh a liacht maitheas is do-ghní feis bhliadhna i n-áitibh
na bíonn aca go minic a mhalairt de saoirseacht ná
d'aeridheacht. Tugann siad sáir-chleasanna na nGae-
dheal go soiléir os comhair an phobail, agus i ndeireadh na
mbeart bíd na daoine sanntach cucha, agus mórcúiseach
asta.



Tá a lán rudaí le déanamh i rith an tSamhraidh ag
lucht sgríobhtha na Gaedhilge. Táid amhráin, agus sgéalta,
agus sean-fhocail, agus tomhsanna, agus cleasanna fós gan cur
síos. Táid na sean-daoine, an dream go bhfuilid
'n-a gceart aca, ag fagháil bháis gach éan-lá. Béidh
caillte go deóidh orainn muna ndéantar iarracht
láidir ar a gcur síos i n-am. Ní'l slighe is fearr chum
Gaedhilge fhoghluim 'ná dul i measg na seandaoine ag
cur síos uatha agus 'gá spreagadh chum Gaedhilge d'úsáid.
Tógann sé a gcroidhthe agus téidheann sé do leathadh na
Gaedhilge. Ba chóir do gach duine go bhfuil sé ar a
chumus Gaedhilge do sgríobhadh leabhar do bheith aige i
gcomhnuidhe, agus bheith i gcomhnuidhe ag cur síos. As an
soláthar so is eadh d'fhásfaidh nuaidh-litridheacht na
Gaedhilge. Tá d'fhiachaibh ar gach duine a dhícheall do
dhéanamh chuige sin.



Níor mhaith liom críochnughadh gan focal no dó i
dtaoibh an cheóil. Is againn atá an ceól is fearr ar
domhan do réir na n-ughdar. Má's maith linn an ceól
soin go chlos caithfimíd dul ar a lorg go dtí na daoine
go bhfuil sé fíor-Ghaedhealach aca. Is baoghalach go
bhfuil mórán de'n cheól leis gan cur síos. Dá luaithe
do-ghéantar soin dá fheabhas. Chítear dúinn gur féidir
mórán do dhéanamh i rith an tSamhraidh ar na nidhthibh ar
bhfuil tráchttha againn. Ba mhaith linn na daoine do
smaoineamh orra agus a gcur i ngníomh an oiread agus is
féidir. Má's áil linn clú na hÉireann ar nduthchas
beag féin, do mhéadughadh, ní tre sheasgaireacht do
thiocfaidh linn a dhéanamh. Caithfimíd luighe isteach ar
obair. Ní iarrtar ar éan-duine an iomarca do
dhéanamh acht caithfidh gach éinne cabhrughadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services