Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is iomdha rud iongantach atá ar an saoghal, acht is beag rud is iongantaighe ann 'ná fairrge gainimhe. An roinn sin de'n tSín go dtugthar Mongólia air agus go n-abairthear gur leis an Rúise é indiu, tá an cheathramhadh cuid 'na dhíthreamh gainimhe agus is contabhartach an turus cuairt thríd. Mar sin féin gabhann cuairtirí tarsna an díthrimh úd, cuid aca gan ghnó acht amháin dúile chum radhairc d'fhagháil ar rudaibh greannmhara, agus a thuilleadh aca ag tuilleamh a gcoda le camallaibh do bheireann ualaighe téa as an Sín le n-a ndíol le muintir na dtuath as soin siar go Rúise. Deirthear gur úrlár fairrge do thráigh fadó an díthreamh úd go nglaodhtar Góbi air anois. Tá locháin saile ann, agus tá fíor-uisge ann leis i n-áiteacha, acht caithtear tobar do bhaint chum an uisge do sholáthar agus fuireach ar a bhruach go líontar é mar bíonn an ghainimh ag séideadh annso is annsúd agus ba gheárr go líonfadh sí do thobar. Faghann daoine bás ar a dturus tarsna Ghóbi leis an dtart, agus múchtar a thuilleadh aca leis an ngainimh, fá mar do múchadh teastealaidhe an lá eile. Séideann an ghaoth na cáintíní gainimhe, bailigheann sí i dteannta a chéile iad go mbíonn siad 'na dtonn- tachaibh adhbhalmóra ag búithridh ar aghaidh, agus mo thruagh an té bhíonn ar an mbealach rómpa fá mar do bhí an taistealaidhe bocht úd. Is gnáthach leis an ngaoith ghuairdeáin leis an ghainimh do bhailiughadh suas léi, agus do chífá i bhfad uait coill fá theinidh ag teacht fá'd dhéin, na crainn chómh hárd leis na sgamalaibh agus fothram fútha. Ní crainn i n-éan-chor iad acht uaithní gainimhe, agus ní fá theine atáid siad, acht amháin go bhfuil an gath gréine ag lonnradh thríotha. Is breág an radharc é acht seachain tu féin, ní fhuil agat acht tu féin do chaitheamh ar do bhéal is ar d'aghaidh agus uain do thabhairt do'n anfhad gabháil thart. Má bheidheas an t-ádh ort ní árdochair do cheann go mbéidh ciúneas ann. Tá cúmhacht Dé 'sá ghainimh agus ní fhuil ionnat-sa acht dúradán ar ghualainn an anfhadh úd. Ní fheadar cad as do tháinig an gnás do bhí againn ar an dtuath nuair do bhíos óg? B'fhéidir gur as na tíorthaibh thoir do tháinig sé chúgainn. Tagann leóithne gaoithe go hobann 'sa bhfóghmhar; ar shálaibh an leóithne do thiocfadh cóch ag casadh agus ag casadh, d'árdóchadh an cóch' leis gabháil fhéir, acht do luighfinnse agus na garsúin eile ar ár mbrághaidhibh go mbiadh an ciúineas ann, fá mar do luigheann na daoine i ndíthreamh Ghóbi go n-imthigheann an gála gainimhe agus gaoithe tharsa. Tá Góbi deich n-uaire níos mó 'ná Éire agus tá paisde beag glas annso agus annsúd ann do thugann inbhíor do'n ghabhar de'n chaoirigh agus do'n chamal. Tá talamh breágh mín ins an Mongólia seachas an díthrimh seo agus is leis an Rúsach é anois. Tá droch-ainm ar an Rúsach so i dtaobh tíortha do ghlacadh chuige féin acht ní chloistear go ndóigheann sé tighthe, 'ná go dtiomáineann sé amach ar an gcnoc seanmhná agus leanbhaí óga. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services