Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is iomdha rud iongantach atá ar an saoghal, acht is
beag rud is iongantaighe ann 'ná fairrge gainimhe.
An roinn sin de'n tSín go dtugthar Mongólia air agus go
n-abairthear gur leis an Rúise é indiu, tá an cheathramhadh
cuid 'na dhíthreamh gainimhe agus is contabhartach an turus
cuairt thríd. Mar sin féin gabhann cuairtirí tarsna
an díthrimh úd, cuid aca gan ghnó acht amháin dúile
chum radhairc d'fhagháil ar rudaibh greannmhara, agus a
thuilleadh aca ag tuilleamh a gcoda le camallaibh do
bheireann ualaighe téa as an Sín le n-a ndíol le muintir
na dtuath as soin siar go Rúise.



Deirthear gur úrlár fairrge do thráigh fadó an
díthreamh úd go nglaodhtar Góbi air anois. Tá locháin
saile ann, agus tá fíor-uisge ann leis i n-áiteacha, acht
caithtear tobar do bhaint chum an uisge do sholáthar agus
fuireach ar a bhruach go líontar é mar bíonn an ghainimh
ag séideadh annso is annsúd agus ba gheárr go líonfadh sí
do thobar.



Faghann daoine bás ar a dturus tarsna Ghóbi leis
an dtart, agus múchtar a thuilleadh aca leis an ngainimh,
fá mar do múchadh teastealaidhe an lá eile.
Séideann an ghaoth na cáintíní gainimhe, bailigheann sí
i dteannta a chéile iad go mbíonn siad 'na dtonn-
tachaibh adhbhalmóra ag búithridh ar aghaidh, agus mo thruagh
an té bhíonn ar an mbealach rómpa fá mar do bhí an
taistealaidhe bocht úd. Is gnáthach leis an ngaoith
ghuairdeáin leis an ghainimh do bhailiughadh suas léi,
agus do chífá i bhfad uait coill fá theinidh ag teacht fá'd
dhéin, na crainn chómh hárd leis na sgamalaibh agus fothram
fútha. Ní crainn i n-éan-chor iad acht uaithní gainimhe,
agus ní fá theine atáid siad, acht amháin go bhfuil an gath
gréine ag lonnradh thríotha. Is breág an radharc é acht
seachain tu féin, ní fhuil agat acht tu féin do chaitheamh
ar do bhéal is ar d'aghaidh agus uain do thabhairt do'n
anfhad gabháil thart. Má bheidheas an t-ádh ort ní
árdochair do cheann go mbéidh ciúneas ann. Tá
cúmhacht Dé 'sá ghainimh agus ní fhuil ionnat-sa acht dúradán
ar ghualainn an anfhadh úd.



Ní fheadar cad as do tháinig an gnás do bhí againn
ar an dtuath nuair do bhíos óg? B'fhéidir gur as na
tíorthaibh thoir do tháinig sé chúgainn. Tagann leóithne
gaoithe go hobann 'sa bhfóghmhar; ar shálaibh an leóithne
do thiocfadh cóch ag casadh agus ag casadh, d'árdóchadh an
cóch' leis gabháil fhéir, acht do luighfinnse agus na garsúin
eile ar ár mbrághaidhibh go mbiadh an ciúineas ann, fá
mar do luigheann na daoine i ndíthreamh Ghóbi go
n-imthigheann an gála gainimhe agus gaoithe tharsa. Tá
Góbi deich n-uaire níos mó 'ná Éire agus tá paisde beag
glas annso agus annsúd ann do thugann inbhíor do'n ghabhar
de'n chaoirigh agus do'n chamal. Tá talamh breágh mín ins
an Mongólia seachas an díthrimh seo agus is leis an Rúsach
é anois. Tá droch-ainm ar an Rúsach so i dtaobh
tíortha do ghlacadh chuige féin acht ní chloistear go
ndóigheann sé tighthe, 'ná go dtiomáineann sé amach ar
an gcnoc seanmhná agus leanbhaí óga.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services