Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gríosughadh
Title
Gríosughadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 18, 1901 Gríosughadh Tá an aimsir ag dul i dteasbhaigheacht, agus airighmíd go bhfuil cuid mhaith de chraobhaibh an Chonnartha ag brath ar chur suas de mhúineadh na teangadh go dtí mí Mheadháin an Fhoghmhair nó mar sin. Anois, ba mhaith linn a chur i n-umhail d'ár gcáirdíbh, i n-éan-fhocal amháin, má's maith linn Éire bhocht do thógáil, agus a clú agus a cáil léighinn do mhéadughadh agus do leathadh, nach tre chaitheamh ar suaimhnis no bheith lag-mheisneamhail do- ghéanaimíd é. Caithfimíd brostughadh orainn. Caith- fimíd bheith ag síor-bhrostughadh orainn féin. Is beag mhaith sinn má leaghann ar suim sa Ghaedhilg fá theas- bhaigheacht na haimsire. Ní fiú sinn teanga fá leith bheith againn. Acht 'n-a dhiaidh sin uile, tá a fhios againn nach bhfuil an leath-sgéal so gan bhrígh éigint. Is deacair, uaireannta, buidheanna foghlama do choimeád le chéile i rith an tSamhraidh, go háirithe ins na bailtibh móra. Uaireannta eile bíonn easbhaidh mhúinteóra ar bhuidhin mhaith go mbéadh fonn orra foghluim. Acht ní fhágann soin gur cheart dúinn suidhe síos agus gan faic do dhéanamh, b'fhéidir, ar feadh ráithe. Is iomdha slighe n-a bhféadfaidhe obair do dhéanamh ar son na Gaedhilge, seoch bheith ag múineadh na teangan. Tá aimsir na bhfeiseann ag druidim i ngoireacht dúinn, agus caithfear mórán rudaí shocrughadh dhóibh roimh ré. Is mithid tosnughadh ar an tsocrughadh soin anois. Má tá dúil agat sa Ghaedhilg d'fhoghluim ní leigfidh tú lá thart gan beagán, dá laighead é, d'fhoghluim. Ní theastuigheann múinteóir áirithe uait chuige sin. Is féidir leat í fhoghluim ag siubhal an bhóthair, no ar cuaird ag tigh comhursan, nó pé áit i mbéir. Tráchtfam tuilleadh um an gceist seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services