An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 18, 1901
Gríosughadh
Tá an aimsir ag dul i dteasbhaigheacht, agus airighmíd
go bhfuil cuid mhaith de chraobhaibh an Chonnartha ag
brath ar chur suas de mhúineadh na teangadh go dtí mí
Mheadháin an Fhoghmhair nó mar sin. Anois, ba mhaith
linn a chur i n-umhail d'ár gcáirdíbh, i n-éan-fhocal
amháin, má's maith linn Éire bhocht do thógáil, agus a clú
agus a cáil léighinn do mhéadughadh agus do leathadh, nach tre
chaitheamh ar suaimhnis no bheith lag-mheisneamhail do-
ghéanaimíd é. Caithfimíd brostughadh orainn. Caith-
fimíd bheith ag síor-bhrostughadh orainn féin. Is beag
mhaith sinn má leaghann ar suim sa Ghaedhilg fá theas-
bhaigheacht na haimsire. Ní fiú sinn teanga fá leith
bheith againn.
Acht 'n-a dhiaidh sin uile, tá a fhios againn nach bhfuil
an leath-sgéal so gan bhrígh éigint. Is deacair,
uaireannta, buidheanna foghlama do choimeád le chéile
i rith an tSamhraidh, go háirithe ins na bailtibh móra.
Uaireannta eile bíonn easbhaidh mhúinteóra ar bhuidhin
mhaith go mbéadh fonn orra foghluim. Acht ní fhágann
soin gur cheart dúinn suidhe síos agus gan faic do dhéanamh,
b'fhéidir, ar feadh ráithe. Is iomdha slighe n-a bhféadfaidhe
obair do dhéanamh ar son na Gaedhilge, seoch bheith ag
múineadh na teangan.
Tá aimsir na bhfeiseann ag druidim i ngoireacht
dúinn, agus caithfear mórán rudaí shocrughadh dhóibh roimh
ré. Is mithid tosnughadh ar an tsocrughadh soin anois.
Má tá dúil agat sa Ghaedhilg d'fhoghluim ní leigfidh
tú lá thart gan beagán, dá laighead é, d'fhoghluim. Ní
theastuigheann múinteóir áirithe uait chuige sin. Is
féidir leat í fhoghluim ag siubhal an bhóthair, no ar
cuaird ag tigh comhursan, nó pé áit i mbéir.
Tráchtfam tuilleadh um an gceist seo.