Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is buaidheartha agus is cráidhte atá na Sínigh ó dhroch- bhearta na nEórpach annsúd, agus is truagh nách bhfuil fear aca mar Phól Crúghér do dlúthóchadh i naon bhuidhean iad, mar ní fhuil uatha acht cabhrughadh le chéile. Ní haon mhaitheas dóibh bheith ag cur ar na heachtranna annso is annsúd, mar buaidhfear ortha, acht d'á mbiadh ciall aca agus éirghe amach i n-éinfeacht do ghlanfaduis amach na hEórpaigh seo i n-aon-mhí amháin. Ba mhór an truagh é sin, adéarfaidh duine éigin, mar tá Cúmhachtaí na hEórpa ar tí an chreidimh Chríosdaighe d'fhóirleathnughadh annsúd. Cúis gháire chugainn, a dhuine mhacánta ní hé thusa amháin atá meallta le leathsgéalaibh na gCumh- achtaí mbradach so. Tar éis cuid mhaith de'n tír bhreágh úd do chreachadh, agus an iomad Síneacha do mharbhughadh, tá na Cumhachtaí carthanacha so ag éiliughadh cána cogaidh cheithre fichid milliún púnt, agus d'éilmheóchaduis a thuilleadh muna mbiadh gur dóich leó nách bhfuil sé i gcumas na Síneach é dhíol. Ní cheapaim go bhfuighfid an méid úd, 'ná a thrian. B'fhéidir ná geóbhaidís aon phinginn i n-aon chor de, mar airighim go bhfuil na Sínigh 'gá gcorruighe féin 'sa deireadh. Thugadar cath tréan do na Gearmánaigh an lá eile, agus gidh gur sgaipeadh iad ní dóich liom go raibh puinn le maoidheamh ag aon taobh. Deirthear go gcloisid siad trácht ar ghníomh na mBórach agus go bhfuil soin ag cur misnigh ortha. Ní fheicid siad páipéir Shasana, agus nách truagh an sgéal dóibh é. Deir tuairisg an tSathairn seo ghabh thart gur throid dream Sasanach le dream Bórach i dTír na Rinne, agus ná'r ghéill na Sasanaigh go raibh an piléar deireannach caithte aca. Is calma an dream na Sasanaigh. Bíonn breis 'na gcoinnibh i gcómhnuidhe, mar ní fhuil ann díobh acht trí chéad míle fear nó mar sin, agus tá deich míle fear de na Bórachaibh ann. Deir na páipéir go mbiadh an cogadh críochnuighthe fad ó muna mbiadh nách bhfuil sé mar chéill ag an amadán Bóraigh sin géilleadh dhúinn. Támuid ag caitheamh sé míle púnt 'sa ló ar an gcogadh agus gan pioc d'á bhárr againn acht easnacha brúighte agus pus fola. Thráchtamar tá tamall ó shoin ar chúigear millún- óirí i nAmerica do bhailigh a gcuid saidhbhris i n-aon bhleathach amháin agus do chuir ar bun cuideachta cruadha. Is geárr go gcloisfear tráchta orra so ar mhargaí an tsaoghail. Do cheannuigh ceann aca darab ainm Pierpont Morgan; chúig long déag ar fhichid ó'n mBuidhean-Árthach Léiland an lá eile, i gcomhair na cruaidhe do sheóladh anois go hEórpa. Ní thaithnigheann an gnó i n-aon chor le Seaghán Buidhe. Ba ghnáthach leis go dti so bheith ar thuarasdal mara ag seoladh earradha na nAmericánach anall, acht beidh luing aca súd féin feasda agus díolfaid an chruaidh níos saoire 'ná is féidir le Seaghán é. Measaim gur measa dhó na hAmeri- cánaigh 'ná na Bóraigh féin. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services