Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is buaidheartha agus is cráidhte atá na Sínigh ó dhroch-
bhearta na nEórpach annsúd, agus is truagh nách bhfuil fear
aca mar Phól Crúghér do dlúthóchadh i naon bhuidhean iad,
mar ní fhuil uatha acht cabhrughadh le chéile. Ní haon
mhaitheas dóibh bheith ag cur ar na heachtranna annso is
annsúd, mar buaidhfear ortha, acht d'á mbiadh ciall
aca agus éirghe amach i n-éinfeacht do ghlanfaduis amach
na hEórpaigh seo i n-aon-mhí amháin. Ba mhór an truagh
é sin, adéarfaidh duine éigin, mar tá Cúmhachtaí na
hEórpa ar tí an chreidimh Chríosdaighe d'fhóirleathnughadh
annsúd. Cúis gháire chugainn, a dhuine mhacánta ní hé
thusa amháin atá meallta le leathsgéalaibh na gCumh-
achtaí mbradach so.



Tar éis cuid mhaith de'n tír bhreágh úd do chreachadh,
agus an iomad Síneacha do mharbhughadh, tá na Cumhachtaí
carthanacha so ag éiliughadh cána cogaidh cheithre fichid
milliún púnt, agus d'éilmheóchaduis a thuilleadh muna
mbiadh gur dóich leó nách bhfuil sé i gcumas na Síneach
é dhíol. Ní cheapaim go bhfuighfid an méid úd, 'ná a
thrian. B'fhéidir ná geóbhaidís aon phinginn i n-aon chor
de, mar airighim go bhfuil na Sínigh 'gá gcorruighe féin
'sa deireadh. Thugadar cath tréan do na Gearmánaigh
an lá eile, agus gidh gur sgaipeadh iad ní dóich liom go
raibh puinn le maoidheamh ag aon taobh. Deirthear go
gcloisid siad trácht ar ghníomh na mBórach agus go bhfuil
soin ag cur misnigh ortha. Ní fheicid siad páipéir
Shasana, agus nách truagh an sgéal dóibh é. Deir tuairisg
an tSathairn seo ghabh thart gur throid dream Sasanach
le dream Bórach i dTír na Rinne, agus ná'r ghéill na
Sasanaigh go raibh an piléar deireannach caithte aca.
Is calma an dream na Sasanaigh. Bíonn breis 'na
gcoinnibh i gcómhnuidhe, mar ní fhuil ann díobh acht trí
chéad míle fear nó mar sin, agus tá deich míle fear de
na Bórachaibh ann. Deir na páipéir go mbiadh an
cogadh críochnuighthe fad ó muna mbiadh nách bhfuil sé
mar chéill ag an amadán Bóraigh sin géilleadh dhúinn.
Támuid ag caitheamh sé míle púnt 'sa ló ar an gcogadh
agus gan pioc d'á bhárr againn acht easnacha brúighte agus
pus fola.



Thráchtamar tá tamall ó shoin ar chúigear millún-
óirí i nAmerica do bhailigh a gcuid saidhbhris i n-aon
bhleathach amháin agus do chuir ar bun cuideachta cruadha.
Is geárr go gcloisfear tráchta orra so ar mhargaí
an tsaoghail. Do cheannuigh ceann aca darab ainm
Pierpont Morgan; chúig long déag ar fhichid ó'n
mBuidhean-Árthach Léiland an lá eile, i gcomhair na
cruaidhe do sheóladh anois go hEórpa. Ní thaithnigheann
an gnó i n-aon chor le Seaghán Buidhe. Ba ghnáthach leis
go dti so bheith ar thuarasdal mara ag seoladh earradha
na nAmericánach anall, acht beidh luing aca súd féin
feasda agus díolfaid an chruaidh níos saoire 'ná is féidir
le Seaghán é. Measaim gur measa dhó na hAmeri-
cánaigh 'ná na Bóraigh féin.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services