Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas
Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 4, 1901 An tOireachtas Ní'l mórán aimsire anois aca so athá ag dul isteach ag iomaidheacht san Oireachtas. Tá d'fhiachaibh ar gach éan-Ghaedhilgeóir a dhicheall do dhéanamh ar son an Oireachtais mar is é an t-éan-aonach puiblidhe amháin i nÉirinn atá fíor-Ghaedhealach. Is é thaisbeánas brigh Chonnartha na Gaedhilge, agus méid agus cumhachta na ndaoine atá ag soláthar do theangaidh na hÉireann. Gabhaim- se orm má thugann an tOireachtas céim ar gcúl im- bliadhna gur gearr go mbéidh an namhaid dá chasadh soin linn, agus áthas croidhe air, a dhuine, a bheith le hinnsint aige. Tá súil againn go mbeidh breis iomaidhtheóirí imbliadhna thar mar bhí éan-am go dtí seo. Dá liacht iad dá fheabhas. Na sgríobhnóirí go háirithe, ní bréag á rádh gur orra-san do théidheann clú an Oireachtais do choinneáilt suas. Tá a fhios ag gach éinne nách féidir an tOireachtas do choimeád ar bun gan airgead. Imbliadhna go háirithe béidh roinnt mhaith airgid ag teastáil ó Chomhaltas an Oireachtais, mar go bhfuil níos mó iomaidheachta agus níos mó duaiseanna le bronnadh 'ná bhí éin-bhliadhain go dtí seo. Is fial agus is flaitheamhail do sheasuigheadh leis an Oireachtas ó cuireadh ar bun é, agus tá gach éan-tsúil againn ná bhéidh ean-tarraing siar imbliadhna. Ar an ádhbhar soin, tugadh gach Gaedhilgeóir a shíontús go deagh-thoilteanach uaidh do'n Oireachtas. Ba ghránda an mhaise dhúinn dá mbéadh sé le rádh orainn i ndeireadh na mbeart nach raibh sé ar ár gcumas an tOireachtas do chothughadh. Tá Comhaltas an Oireachtas ag obair go dian ag ullmhughadh roimhe. Tá mórán le déanamh aca agus gach éinnidh do shocrughadh. Béidh an tOireachtas féin ar siubhal ar feadh dhá lá imbliadhna, agus tá tuairim nach mbéidh aimsir go leór dó san méid sin. Ní héan- obair bheag éadtrom í riarughadh an Oireachtais. An lá i ndiaidh an Oireachtais is eadh tionólfar an Fheis Choitcheanta, agus ná déanadh na craobha so go bhfuil de cheart aca dearmad ar a dteachtairí dho chur go dtí an fheis. Bídís an ullmhughadh agus ag cur síos air roimh ré i dtreó ná béidh an iomarca aimsire caillte ar chaint ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services