Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas

Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 4, 1901



An tOireachtas



Ní'l mórán aimsire anois aca so athá ag dul isteach
ag iomaidheacht san Oireachtas. Tá d'fhiachaibh ar gach
éan-Ghaedhilgeóir a dhicheall do dhéanamh ar son an
Oireachtais mar is é an t-éan-aonach puiblidhe amháin i
nÉirinn atá fíor-Ghaedhealach. Is é thaisbeánas brigh
Chonnartha na Gaedhilge, agus méid agus cumhachta na ndaoine
atá ag soláthar do theangaidh na hÉireann. Gabhaim-
se orm má thugann an tOireachtas céim ar gcúl im-
bliadhna gur gearr go mbéidh an namhaid dá chasadh
soin linn, agus áthas croidhe air, a dhuine, a bheith le hinnsint
aige. Tá súil againn go mbeidh breis iomaidhtheóirí
imbliadhna thar mar bhí éan-am go dtí seo. Dá liacht
iad dá fheabhas. Na sgríobhnóirí go háirithe, ní bréag á
rádh gur orra-san do théidheann clú an Oireachtais do
choinneáilt suas.



Tá a fhios ag gach éinne nách féidir an tOireachtas
do choimeád ar bun gan airgead. Imbliadhna go
háirithe béidh roinnt mhaith airgid ag teastáil ó
Chomhaltas an Oireachtais, mar go bhfuil níos mó
iomaidheachta agus níos mó duaiseanna le bronnadh 'ná
bhí éin-bhliadhain go dtí seo. Is fial agus is flaitheamhail
do sheasuigheadh leis an Oireachtas ó cuireadh ar bun
é, agus tá gach éan-tsúil againn ná bhéidh ean-tarraing
siar imbliadhna. Ar an ádhbhar soin, tugadh gach
Gaedhilgeóir a shíontús go deagh-thoilteanach uaidh do'n
Oireachtas. Ba ghránda an mhaise dhúinn dá mbéadh sé
le rádh orainn i ndeireadh na mbeart nach raibh sé ar
ár gcumas an tOireachtas do chothughadh.



Tá Comhaltas an Oireachtas ag obair go dian ag
ullmhughadh roimhe. Tá mórán le déanamh aca agus gach
éinnidh do shocrughadh. Béidh an tOireachtas féin ar
siubhal ar feadh dhá lá imbliadhna, agus tá tuairim nach
mbéidh aimsir go leór dó san méid sin. Ní héan-
obair bheag éadtrom í riarughadh an Oireachtais.



An lá i ndiaidh an Oireachtais is eadh tionólfar an
Fheis Choitcheanta, agus ná déanadh na craobha so go bhfuil
de cheart aca dearmad ar a dteachtairí dho chur go
dtí an fheis. Bídís an ullmhughadh agus ag cur síos air
roimh ré i dtreó ná béidh an iomarca aimsire caillte
ar chaint ann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services