Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Micheál O Madagáin agus an Sáirseant
Title
Micheál O Madagáin agus an Sáirseant
Author(s)
Pádraig,
Pen Name
Pádraig
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Micheál O Madagáin agus an Sáirseant Tháinig Sáirseant nuadh go dtí an baile seo, a trí no a ceathair de mhíosaibh ó shoin. Déanann sé é féin an-phriaclach. Sáitheann sé a shrón isteach i n-áitibh ná fuil éan-ghnó dhí ann, nó ná baineann le n-a ghnó féin. Tá sé an-chruaidh ar mhuinntir na dtábhairní, agus ní'l éinne ins an áit buidheach dhe. Chuaidh sé timcheall, an tseachtmhain seo ghabh tharainn, ag bailiughadh na bpáipéar go gcuireann na daoine a n-ainmneacha agus a n-aoise agus rudaí eile ionta. Chuaidh sé isteach go dtí tigh Mhichíl Uí Mhadagáin. Thug Micheál an páipéar do. Bhí sé tar éis a ainm féin do chur síos ann agus a bheith ábalta ar Ghaedhilg do léigheadh do labhairt agus do sgríobhadh. D'fhéach an sáirseant ar an bpáipéar agus d'fhéach sé ar Mhicheál annsoin, agus d'fiafruigh sé dhe an raibh sé suidhte go raibh sé ábalta ar Ghaedhilg do sgríobhadh. “Táim suidhte,” arsa Micheál go leath- fheargach agus agá árdughadh féin suas, “agus má tá éin- dearmad ort speánfaidh mé dhuit go bhfuil mé ábalta ar a sgríobhadh.” Rug sé ar smut pháipéir, agus sgríobh sé rud éigin ann. “Seo,” ar sé gá shíneadh go dtí an sáirseant, “tabhair é sin go dtí Séamus O Néill. Tá sé 'n-a Ghaedhilgeóir mhaith, agus mura bhfuil sé ábalta ar a léigheadh bain an chluas díom-sa, agus abair go dtug mé éitheach.” Ghlac an sáirseant an smut páipéir, agus thiomáin sé leis amach. Nuair tháinig sé treasna ar an Niallach, thug sé an páipéar dó agus dubhairt sé leis a léigheamh. D'fhéach an Niallach ar an bpáipéar, agus chuir sé gáire mór as. “Cad tá ort?” ar san sáirseant, “léigh amach é, agus innis dam caidé atá ann. Rinne mar adubhairt leis, agus seo í a rud bhí ann.” “Pé rud do thug annso thú go mbeiridh an D—l leis thú go tapaidh; agus nár thigidh tu ar n-ais choidhche, a bhitheamhnaigh bhradaigh!” Nuair d'airigh an sáirseant cad do bhí ann, sgríobh sé a cheann, do dhaingnigh a chuid fiacal i gcoinne, a chéile, d'iompuigh sé ar a shálaibh, agus d'imthigh sé leis mar mhadradh go mbéadh canna stáin le n-a earball. Pádraig
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services