Micheál O Madagáin agus an Sáirseant
Tháinig Sáirseant nuadh go dtí an baile seo, a trí
no a ceathair de mhíosaibh ó shoin. Déanann sé é féin
an-phriaclach. Sáitheann sé a shrón isteach i n-áitibh ná
fuil éan-ghnó dhí ann, nó ná baineann le n-a ghnó féin.
Tá sé an-chruaidh ar mhuinntir na dtábhairní, agus ní'l
éinne ins an áit buidheach dhe. Chuaidh sé timcheall,
an tseachtmhain seo ghabh tharainn, ag bailiughadh na
bpáipéar go gcuireann na daoine a n-ainmneacha agus a
n-aoise agus rudaí eile ionta. Chuaidh sé isteach go dtí
tigh Mhichíl Uí Mhadagáin. Thug Micheál an páipéar do.
Bhí sé tar éis a ainm féin do chur síos ann agus a bheith
ábalta ar Ghaedhilg do léigheadh do labhairt agus do
sgríobhadh. D'fhéach an sáirseant ar an bpáipéar agus
d'fhéach sé ar Mhicheál annsoin, agus d'fiafruigh sé dhe an
raibh sé suidhte go raibh sé ábalta ar Ghaedhilg do
sgríobhadh. “Táim suidhte,” arsa Micheál go leath-
fheargach agus agá árdughadh féin suas, “agus má tá éin-
dearmad ort speánfaidh mé dhuit go bhfuil mé ábalta
ar a sgríobhadh.” Rug sé ar smut pháipéir, agus sgríobh
sé rud éigin ann. “Seo,” ar sé gá shíneadh go dtí an
sáirseant, “tabhair é sin go dtí Séamus O Néill.
Tá sé 'n-a Ghaedhilgeóir mhaith, agus mura bhfuil sé ábalta
ar a léigheadh bain an chluas díom-sa, agus abair go dtug
mé éitheach.” Ghlac an sáirseant an smut páipéir, agus
thiomáin sé leis amach. Nuair tháinig sé treasna ar
an Niallach, thug sé an páipéar dó agus dubhairt sé leis a
léigheamh. D'fhéach an Niallach ar an bpáipéar, agus chuir
sé gáire mór as. “Cad tá ort?” ar san sáirseant,
“léigh amach é, agus innis dam caidé atá ann. Rinne
mar adubhairt leis, agus seo í a rud bhí ann.” “Pé rud
do thug annso thú go mbeiridh an D—l leis thú go
tapaidh; agus nár thigidh tu ar n-ais choidhche, a bhitheamhnaigh
bhradaigh!” Nuair d'airigh an sáirseant cad do bhí
ann, sgríobh sé a cheann, do dhaingnigh a chuid fiacal i
gcoinne, a chéile, d'iompuigh sé ar a shálaibh, agus
d'imthigh sé leis mar mhadradh go mbéadh canna stáin
le n-a earball.
Pádraig