Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Luchd Iomáine i nÁrdráthain
Title
Luchd Iomáine i nÁrdráthain
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
M. O C.
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LUCHD IOMÁINE I NÁRDRÁTHAIN Bhí cruinniughadh mór daoine annso indé (Dia Domh- naigh a 21) idir fhearaibh agus mnáibh, mar bhí báire mór dhá imirt ann, ag Muinntir Bhaile an Doirín agus Chreach- mhaoil i n-aghaidh a chéile. Bhí daoine ann o'n nGort, as Cilltártan ó Chinn-mhara, agus ó na bailtibh timcheall na háite. Bhí breacadh maith ar pháirc an tSeóigheach ag leath uair 'r éis an aon a chlog, gidh nár thosaigh an báire go dtí an dó. Bhí mé féin ann' mar dubhairt an mada beag agus cluais le héisteacht agam, agus ní raibh mo shúile dúnta acht an oiread. Bhí na hiománuidhthe ag féachaint a ngáisge nó go raibh an t-am suas. Ba ghearr gur séideadh an fheadóig agus sul má bhéadh “Seaghan an Bhéarla” ráidhte agat ar bhall na faithche. Bhí seacht gcinn déag ar gach taobh, d'fhearaibh breághtha líomhtha. Cuireadh amach an liathróid i gceart-lár na páirce, agus deirm-se leat gur bh'in é an áit a raibh an obair, go deimhin agus go dearbhtha mar deireadh Maní. Níor bh'fhearr leat bheith ag caitheamh do dhóthain aráin is tae ná bheith ag breathnughadh orra. Tar éis dóibh bheith ag imirt ar feadh uaire, tháinic séidthéireacht bheag eatorra acht fá cheann tamaill sguireadar, acht bhí an buaidh de bheagán ag Muintir Chreachmhaoil; acht tá siad le himirt arís. Caithfid admháil go raibh Béarla go leór gá labhairt ann, agus cuid mhaith de brisde freisin. Acht má bhí féin, bhí Gaedhilg 'gá spreagadh ann focla mar seo: “buail a chladhaire” “Nar lagaidh Dia thú,” agus go leór nach iad. Bhí muinntir Chraoibhe Chonnartha na Gaedhilge san áit agus Chillártan sgaptha ar fud na páirce agus iad fá gheasaibh, gan focal acht Gaedhilg do labhairt, acht amháin leis an dream neamh-eólgach, nach bhfuil indan Teanga ar dTíre do labhairt. Tugthar “Béal Díreach” ar an té labhras Gaedhilg, agus “Béal Cam” ar an té labhras Béarla. Is é Seaghán Ó Seachnusa captain na mBéal nDíreach i nÁrdráthan agus mar dubhairt Raibhtearaigh beannacht Dé lén' anam: — Da siubhalfá ar fud na gCúigí ní bhfuightheá a leithéid eatorra, Mar is fear é cuinneóchadh Gaedhilge is caismirt le sean agus le hóg. M. O C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services