Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Luchd Iomáine i nÁrdráthain

Title
Luchd Iomáine i nÁrdráthain
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
M. O C.
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LUCHD IOMÁINE I NÁRDRÁTHAIN



Bhí cruinniughadh mór daoine annso indé (Dia Domh-
naigh a 21) idir fhearaibh agus mnáibh, mar bhí báire mór
dhá imirt ann, ag Muinntir Bhaile an Doirín agus Chreach-
mhaoil i n-aghaidh a chéile. Bhí daoine ann o'n nGort,
as Cilltártan ó Chinn-mhara, agus ó na bailtibh timcheall
na háite. Bhí breacadh maith ar pháirc an tSeóigheach ag
leath uair 'r éis an aon a chlog, gidh nár thosaigh an
báire go dtí an dó. Bhí mé féin ann' mar dubhairt
an mada beag agus cluais le héisteacht agam, agus ní raibh
mo shúile dúnta acht an oiread. Bhí na hiománuidhthe
ag féachaint a ngáisge nó go raibh an t-am suas. Ba
ghearr gur séideadh an fheadóig agus sul má bhéadh “Seaghan
an Bhéarla” ráidhte agat ar bhall na faithche. Bhí seacht
gcinn déag ar gach taobh, d'fhearaibh breághtha líomhtha.
Cuireadh amach an liathróid i gceart-lár na páirce, agus
deirm-se leat gur bh'in é an áit a raibh an obair, go
deimhin agus go dearbhtha mar deireadh Maní. Níor
bh'fhearr leat bheith ag caitheamh do dhóthain aráin is tae
ná bheith ag breathnughadh orra. Tar éis dóibh bheith ag
imirt ar feadh uaire, tháinic séidthéireacht bheag eatorra
acht fá cheann tamaill sguireadar, acht bhí an buaidh de
bheagán ag Muintir Chreachmhaoil; acht tá siad le
himirt arís.



Caithfid admháil go raibh Béarla go leór gá labhairt
ann, agus cuid mhaith de brisde freisin. Acht má bhí féin,
bhí Gaedhilg 'gá spreagadh ann focla mar seo: “buail
a chladhaire” “Nar lagaidh Dia thú,” agus go leór nach
iad.



Bhí muinntir Chraoibhe Chonnartha na Gaedhilge san
áit agus Chillártan sgaptha ar fud na páirce agus iad fá
gheasaibh, gan focal acht Gaedhilg do labhairt, acht
amháin leis an dream neamh-eólgach, nach bhfuil indan
Teanga ar dTíre do labhairt. Tugthar “Béal Díreach”
ar an té labhras Gaedhilg, agus “Béal Cam” ar an té
labhras Béarla.



Is é Seaghán Ó Seachnusa captain na mBéal nDíreach
i nÁrdráthan agus mar dubhairt Raibhtearaigh beannacht
Dé lén' anam: —



Da siubhalfá ar fud na gCúigí ní bhfuightheá a leithéid eatorra,
Mar is fear é cuinneóchadh Gaedhilge is caismirt le sean agus le hóg.



M. O C.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services