Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear “Gairbhín na gCuach,” is eadh is ainm do thugthar ar an am so do bhliadhain. Ba dheas-bhéalach iad na sean- daoine agus ba ghéar-chúiseach an inntin do bhí aca. Is áil liom an tAbrán bog, braonach, adéarfadh duine aca, nuair do bhíonn an mismín agus an nóinín ag druidim a súl aníos thríd an sgrath agus an duilleabhar agus an bhláth ag brúchtadh a gcíní thré bholg is géag an chrainn. Ní hiongnadh go dtagann fonn orm go minic bheith ag caint le na leithéidíbh siúd seachas le dailthíníbh sráide, acht is é an fonn é ná sásuighthear. Cloisim a lán trácht thar chogadh agus thar dhoghraing an domhain acht is annamh do chloisim duine 'gá rádh gur breágh é bheith ag éisteacht le ceól-ghlór sruthán cnoc tráthnóna ciúin samhraidh le luighe gréine. Is binn an port do sheinneann an lon dubh i bhfás- choill ar bhruach locha acht tá aithne agam ar fhear gur bhinne leis bheith ag éisteacht le tuairisg bhréagaigh ó'n gcogadh gur ghoid na Sasanaigh bólacht ba ó na Bóraigh. Fear beag is eadh é seo agus táimse téagartha agus ní bhuailimíd a chéile. Deir sé liom nách ceart dom a rádh gur “goideadh” na ba úd, acht amháin gur “tógadh” iad. Do réir na Sasanach do thogadar trí chéad míle bó, do mharbhuigeadar le bliadhain go leith dhá chéad míle bórach, agus do ghonadar an oiread céadna, acht i n-aindeóin sin ní fhuil aon fhonn géilleadh ar an mBórach dána soin, agus tá Seaghán ag cailleamhaint dhá milliún púnt gach seachtmhain le cosdus an chogaidh. Is é an Frínseach an fear is feárr atá ag Seaghán ins an Aifric theas. Bhí ráfla amuigh tá mí ó shoin gur ghabh Laoiseach Bóta é agus gur sgaoil sé uaidh é ar choingíoll 'ná cómhraiceóchadh sé leis na Bóraigh a thuilleadh. Do cheil Seaghán é agus is beag duine do chreid an sgéal, acht mar sin féin cloisimíd go bhfuil an Frínseach ag teacht abhaile. Má's fíor é tabharfar mar leathsgéal gur ar son a shláinte atá sé ag teacht. Tá Milner, riaghlóir Sheagáin annsúd, ag teacht abhaile leis. Nuair do bhí Bóta agus Citsiner ag caint le chéile i dtaobh siothchána, tá tamall ó shoin, dubhairt Bóta nách taithnigheann Milner leis na Bóraigh agus nách tráchtfaduis ar shíothcháin go mbéarfaidhe abhaile é. Chuir Seaghán béic as. An bodach droch-mhúinte, ar seisean, cad do-bhéarfadh dhó cur isteach orm-sa i dtaobh mo riaghlóra; fanfaidh Milner ann pé olc maith le Bóta é. Mo chreach! Tá an fuadar bainte as Seaghán. Tá Milner ar an bhfairrge ag triall anall go tiugh, agus tá Seaghán go saotharach ag iarraidh siothchán a dhéanamh. Ní fhuil mórán do na Bóraigh ann indiu, ní raibh ó thúis acht dream beag díobh ann, acht má bheidheas bia agus piléir aca go ceann bliadhna eile beidh Seaghán claoidhte aca gan amhras. Is mór é misneach Phóil Crúgéir; má's fíor é ní fhuil baoghal ortha, acht mar sin féin be mhithid dóibh bheith tuirseach anois mar ní bhfuaireadar cabhair ó éinneach le dhá bhliadhain. Do thógadar, do réir áirimh na Sasanach féin, fiche míle saighdiúir agus do chuireadar ar lár ocht míle ar cheithre fichid. Ós cionn céad míle feár! Is é an ghreasáil is 'mó do fuair Seaghán riamh é. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services