Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
“Gairbhín na gCuach,” is eadh is ainm do thugthar ar
an am so do bhliadhain. Ba dheas-bhéalach iad na sean-
daoine agus ba ghéar-chúiseach an inntin do bhí aca. Is
áil liom an tAbrán bog, braonach, adéarfadh duine
aca, nuair do bhíonn an mismín agus an nóinín ag druidim
a súl aníos thríd an sgrath agus an duilleabhar agus an bhláth
ag brúchtadh a gcíní thré bholg is géag an chrainn. Ní
hiongnadh go dtagann fonn orm go minic bheith ag
caint le na leithéidíbh siúd seachas le dailthíníbh sráide,
acht is é an fonn é ná sásuighthear. Cloisim a lán
trácht thar chogadh agus thar dhoghraing an domhain acht is
annamh do chloisim duine 'gá rádh gur breágh é bheith ag
éisteacht le ceól-ghlór sruthán cnoc tráthnóna ciúin
samhraidh le luighe gréine.
Is binn an port do sheinneann an lon dubh i bhfás-
choill ar bhruach locha acht tá aithne agam ar fhear gur
bhinne leis bheith ag éisteacht le tuairisg bhréagaigh ó'n
gcogadh gur ghoid na Sasanaigh bólacht ba ó na Bóraigh.
Fear beag is eadh é seo agus táimse téagartha agus ní
bhuailimíd a chéile. Deir sé liom nách ceart dom a
rádh gur “goideadh” na ba úd, acht amháin gur
“tógadh” iad. Do réir na Sasanach do thogadar trí
chéad míle bó, do mharbhuigeadar le bliadhain go leith
dhá chéad míle bórach, agus do ghonadar an oiread céadna,
acht i n-aindeóin sin ní fhuil aon fhonn géilleadh ar an
mBórach dána soin, agus tá Seaghán ag cailleamhaint dhá
milliún púnt gach seachtmhain le cosdus an chogaidh.
Is é an Frínseach an fear is feárr atá ag Seaghán
ins an Aifric theas. Bhí ráfla amuigh tá mí ó shoin gur
ghabh Laoiseach Bóta é agus gur sgaoil sé uaidh é ar
choingíoll 'ná cómhraiceóchadh sé leis na Bóraigh a
thuilleadh. Do cheil Seaghán é agus is beag duine do
chreid an sgéal, acht mar sin féin cloisimíd go bhfuil
an Frínseach ag teacht abhaile. Má's fíor é tabharfar
mar leathsgéal gur ar son a shláinte atá sé ag teacht.
Tá Milner, riaghlóir Sheagáin annsúd, ag teacht
abhaile leis. Nuair do bhí Bóta agus Citsiner ag caint
le chéile i dtaobh siothchána, tá tamall ó shoin, dubhairt
Bóta nách taithnigheann Milner leis na Bóraigh agus nách
tráchtfaduis ar shíothcháin go mbéarfaidhe abhaile é.
Chuir Seaghán béic as. An bodach droch-mhúinte, ar
seisean, cad do-bhéarfadh dhó cur isteach orm-sa i
dtaobh mo riaghlóra; fanfaidh Milner ann pé olc
maith le Bóta é. Mo chreach! Tá an fuadar bainte
as Seaghán. Tá Milner ar an bhfairrge ag triall
anall go tiugh, agus tá Seaghán go saotharach ag iarraidh
siothchán a dhéanamh. Ní fhuil mórán do na Bóraigh ann
indiu, ní raibh ó thúis acht dream beag díobh ann, acht
má bheidheas bia agus piléir aca go ceann bliadhna eile
beidh Seaghán claoidhte aca gan amhras. Is mór é
misneach Phóil Crúgéir; má's fíor é ní fhuil baoghal
ortha, acht mar sin féin be mhithid dóibh bheith tuirseach
anois mar ní bhfuaireadar cabhair ó éinneach le dhá
bhliadhain. Do thógadar, do réir áirimh na Sasanach
féin, fiche míle saighdiúir agus do chuireadar ar lár ocht
míle ar cheithre fichid. Ós cionn céad míle feár! Is
é an ghreasáil is 'mó do fuair Seaghán riamh é.
Conán Maol