Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is ait an ainm Bíts. Is ionann é sin agus beith. Bhí fear de'n ainm chéadna i nÉirinn le linn Dhomhnaill Uí Chonaill agus ba bheag ar Dhómhnall é. Bhíodh Dómhnaill ag magadh fá'n ainm úd; deireadh sé nách raibh aon mhaitheas i mBíts acht go ndéarfaidhe crann do mhugaíbh de. Ní fheadar cad' déarfadh sé le duine go mbiadh Hics-bíts mar ainm air? Is í sin an ainm atá ar Fhear-Sparáin Sheagain Bhuidhe. Tá an sparán folamh, adeir Bíts, agus caithfear airgead do sholáthar. Dá réir sin bhuail fear- an-Sparáin cáin ar shiúicre, ar thuarasdal, agus ar ghual, agus 'na theannta soin tá Seaghán ag fághail trí fichid milliún rúnt ar iasacht. Go deimhin féin má leantar ar an gcogadh so go ceann bliadhna eile beidh preabáin ar Sheaghán agus an dealbhas ag imirt air. Dubhairt an t-íochtar neidín sin Roberts linn, tá leath-bhliadhain ó shoin, go raibh an cogadh críochnuighthe, agus do b'árd an liúgh áthais do chuireamar asainn, acht féach an t-ualach óir seo atá ag Seaghán d'á bhailiughadh indiu le haghaidh an chogaidh. Is maith an sgéal é, caith- fidh na sgaothairí díol as, acht is truagh go gcaithfidh muintir na hÉireann a gcuid do dhíol dá mbiadh ciall againn agus leigeann de'n bhiotáille. Innseann Feargus Finn-Bhéil dúinn an iomad de chumaíbh eile do dhéanfadh maitheas dúinn acht is áirighthe gur mí-chéadtach atá cuid againn de 'na thaobh soin. Pé olc maith linn é támuid ag brath ar an luing agus d'á mbiadh an Bórach 'sa chruth chéadna ní bhiadh an fuadar bainte as Seaghán aige mar atá. Dubhairt Seaghán an lá eile go raibh De Bhet as a mheabhair. Do chreid a lán é. Is furusda dhuit rud do chreideamhain má bhéidh fonn ort chuige. Bíonn gach uile duine as a chéill má bhíonn sé i gcoinnibh Sheagháin, mar níor sháruigh éinne' riamh i ndroch-mhúin teacht an buaileam-sgiath seo. Is mór an iongnadh go gcreideann daoine óinseamhlacht de'n tsaghas so. Is í an fhírinne gheal í gur suarach nách bhfuil Seaghán tráithe ag De Bhet. Ní fhuil fhios aca i naon chor ca bhfuil an fear míorbhúileach soin anois, acht tá na Bóraigh an- gnóthach ins an Transbhaal agus is deallrathach go bhfuil sé annsúd. Bhí ionad coinne aige le Laoiseach Bóta agus le Stein agus bhuaileadar le chéile i n-aindeoin Chitsiner. Tá aithreachas orm adeir Citsiner gur ghabhadar agus gur ghonadar buidhean dom' Lannsairí do chuireas amach ag faire orra. Tógadh i dTír na Rinne carbaid lóin, agus dhá chéad míle ó'n áit sin, ar theórainn an Natál, do rin na Bóraigh an bheart chéadna. Ba dhóich le duine go bhfuil Seagháin, agus a thrí chéad míle ag dul chum deiridh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services