Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is ait an ainm Bíts. Is ionann é sin agus beith. Bhí
fear de'n ainm chéadna i nÉirinn le linn Dhomhnaill Uí
Chonaill agus ba bheag ar Dhómhnall é. Bhíodh Dómhnaill ag
magadh fá'n ainm úd; deireadh sé nách raibh aon mhaitheas
i mBíts acht go ndéarfaidhe crann do mhugaíbh de. Ní
fheadar cad' déarfadh sé le duine go mbiadh Hics-bíts
mar ainm air? Is í sin an ainm atá ar Fhear-Sparáin
Sheagain Bhuidhe. Tá an sparán folamh, adeir Bíts, agus
caithfear airgead do sholáthar. Dá réir sin bhuail fear-
an-Sparáin cáin ar shiúicre, ar thuarasdal, agus ar ghual, agus
'na theannta soin tá Seaghán ag fághail trí fichid milliún
rúnt ar iasacht. Go deimhin féin má leantar ar an
gcogadh so go ceann bliadhna eile beidh preabáin ar
Sheaghán agus an dealbhas ag imirt air.



Dubhairt an t-íochtar neidín sin Roberts linn, tá
leath-bhliadhain ó shoin, go raibh an cogadh críochnuighthe,
agus do b'árd an liúgh áthais do chuireamar asainn, acht
féach an t-ualach óir seo atá ag Seaghán d'á bhailiughadh
indiu le haghaidh an chogaidh. Is maith an sgéal é, caith-
fidh na sgaothairí díol as, acht is truagh go gcaithfidh
muintir na hÉireann a gcuid do dhíol dá mbiadh ciall
againn agus leigeann de'n bhiotáille. Innseann Feargus
Finn-Bhéil dúinn an iomad de chumaíbh eile do dhéanfadh
maitheas dúinn acht is áirighthe gur mí-chéadtach atá
cuid againn de 'na thaobh soin. Pé olc maith linn é
támuid ag brath ar an luing agus d'á mbiadh an Bórach 'sa
chruth chéadna ní bhiadh an fuadar bainte as Seaghán aige
mar atá.



Dubhairt Seaghán an lá eile go raibh De Bhet as a
mheabhair. Do chreid a lán é. Is furusda dhuit rud
do chreideamhain má bhéidh fonn ort chuige. Bíonn
gach uile duine as a chéill má bhíonn sé i gcoinnibh
Sheagháin, mar níor sháruigh éinne' riamh i ndroch-mhúin
teacht an buaileam-sgiath seo. Is mór an iongnadh go
gcreideann daoine óinseamhlacht de'n tsaghas so. Is í
an fhírinne gheal í gur suarach nách bhfuil Seaghán tráithe
ag De Bhet. Ní fhuil fhios aca i naon chor ca bhfuil an
fear míorbhúileach soin anois, acht tá na Bóraigh an-
gnóthach ins an Transbhaal agus is deallrathach go bhfuil sé
annsúd. Bhí ionad coinne aige le Laoiseach Bóta agus le
Stein agus bhuaileadar le chéile i n-aindeoin Chitsiner.
Tá aithreachas orm adeir Citsiner gur ghabhadar agus gur
ghonadar buidhean dom' Lannsairí do chuireas amach ag
faire orra. Tógadh i dTír na Rinne carbaid lóin, agus
dhá chéad míle ó'n áit sin, ar theórainn an Natál, do
rin na Bóraigh an bheart chéadna. Ba dhóich le duine
go bhfuil Seagháin, agus a thrí chéad míle ag dul chum deiridh.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services