Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin, Sinn Féin
Title
Sinn Féin, Sinn Féin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 27, 1901 SINN FÉIN, SINN FÉIN “Beirbh birrín dam, agus beireó'd birrín duit.” Sin sean-rádh nár mhór do gach Gaedhilgeóir coimeád os comhair a aignidh i gcomhnuidhe. Ar shon ná teastui- gheann uainn a leigeant orainn go bhfuilmíd lag, tá a fhios ag urmhór dár gcáirdibh ná fuilmíd ró-thréan acht chomh beag. Ní'lmíd ag trácht anois thar an gConnradh go léir, acht ar ár bpáipéar féin. Bíodh a fhios ag gach éan-Ghaedhilgeóir, go bhfuil d'fhiachaibh air, cuid éin-fhir amháin ar a laighead do dhéanamh chum a chothuighthe. Bíodh a fhios aige nach mó baint atá ag éan-duine eile, is cuma cia hé, leis, 'ná tá aige féin. Ar an ádhbhar sain téidheann ar gach Gaedhilgeóir machtnamh agus oibriughadh chum leasa an Chlaidhimh. Cad iad na gníomharthaí théid i dtairbhe dhó? Abraimís: 1. Ceannuigheadh gach duine ceann dó féin. 2. Comhairligheadh sé dá chomhursain ceann eile do cheannach, pé aca gur léightheóir Gaedhilge é nó nach eadh. 3. Bailigheadh sé nuaidheachta, sgéalta, amhráin, ráidhte, — agus díoluigheachta — dhó. 4. Tugadh sé comhairle do na daoinibh atá 'na fheidhil, má bhíonn gábhadh leis. 5. Fághadh sé fógraí dhó. 6. Cabhruigheadh sé leis na daoinibh go bhfuil fógraí uatha 'sa Chlaidheamh chomh fada agus is féidir é. Is beag earradh theastó'dh ó éinne na fuil le fagháil anois ó dhuine éigin díobh so go bhfuil a n-ainmneacha sa pháipéar so gach seachtmhain. Nuair bhéidh éinnídh ag teastáil ó dhuine, is é an chéad bheart is cóir dó dhéanamh 'ná a lorg i measg na bhfógraí annso. Nuair atá rud agat dá cheannach cuir i n-umhail gan dearmad d'fhear an tsiopa go bhfaca tú fógra uaidh sa Chlaidheamh. Abair led' cheannuidhe gur mhaith leat go dtiubhradh sé a chuid earraí os comhair léightheóirí an pháipéir seo. Mura dtiubhraidh faigh ceannuidhe eile, agus fág an duine neamh-sprideamhail seo, i n-iargcúltacht na cuideachtan so ar bhfuiltear ag tabhairt le déidheannaighe “An Bhráithreacht Dhubh.” Seadh, seadh, ná bídh ag gáirídhe. Ní héan-chúis gháire na Bráithre Dubha. Má táid siad náireach ní cás duit siúd. Cabhruighmís leis na daoinibh chabhruigheann linn. Tá gábhadh le n-ar ndá dhícheall. Déineadh gach éinne soin, nó chomh comgharach dó agus is féidir leis. Anois agus feasta, a cháirde! Sinn féin, sinn féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services