Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin, Sinn Féin

Title
Sinn Féin, Sinn Féin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 27, 1901



SINN FÉIN, SINN FÉIN



“Beirbh birrín dam, agus beireó'd birrín duit.”



Sin sean-rádh nár mhór do gach Gaedhilgeóir coimeád
os comhair a aignidh i gcomhnuidhe. Ar shon ná teastui-
gheann uainn a leigeant orainn go bhfuilmíd lag,
tá a fhios ag urmhór dár gcáirdibh ná fuilmíd
ró-thréan acht chomh beag. Ní'lmíd ag trácht anois
thar an gConnradh go léir, acht ar ár bpáipéar
féin. Bíodh a fhios ag gach éan-Ghaedhilgeóir, go bhfuil
d'fhiachaibh air, cuid éin-fhir amháin ar a laighead do
dhéanamh chum a chothuighthe. Bíodh a fhios aige nach mó
baint atá ag éan-duine eile, is cuma cia hé, leis, 'ná
tá aige féin. Ar an ádhbhar sain téidheann ar gach
Gaedhilgeóir machtnamh agus oibriughadh chum leasa an
Chlaidhimh. Cad iad na gníomharthaí théid i dtairbhe dhó?
Abraimís:



1. Ceannuigheadh gach duine ceann dó féin.



2. Comhairligheadh sé dá chomhursain ceann eile do
cheannach, pé aca gur léightheóir Gaedhilge é nó nach
eadh.



3. Bailigheadh sé nuaidheachta, sgéalta, amhráin,
ráidhte, — agus díoluigheachta — dhó.



4. Tugadh sé comhairle do na daoinibh atá 'na fheidhil,
má bhíonn gábhadh leis.



5. Fághadh sé fógraí dhó.



6. Cabhruigheadh sé leis na daoinibh go bhfuil fógraí
uatha 'sa Chlaidheamh chomh fada agus is féidir é. Is beag
earradh theastó'dh ó éinne na fuil le fagháil anois ó
dhuine éigin díobh so go bhfuil a n-ainmneacha sa
pháipéar so gach seachtmhain. Nuair bhéidh éinnídh ag
teastáil ó dhuine, is é an chéad bheart is cóir dó
dhéanamh 'ná a lorg i measg na bhfógraí annso. Nuair
atá rud agat dá cheannach cuir i n-umhail gan
dearmad d'fhear an tsiopa go bhfaca tú fógra uaidh
sa Chlaidheamh. Abair led' cheannuidhe gur mhaith
leat go dtiubhradh sé a chuid earraí os comhair
léightheóirí an pháipéir seo. Mura dtiubhraidh faigh
ceannuidhe eile, agus fág an duine neamh-sprideamhail
seo, i n-iargcúltacht na cuideachtan so ar bhfuiltear ag
tabhairt le déidheannaighe “An Bhráithreacht Dhubh.”
Seadh, seadh, ná bídh ag gáirídhe.



Ní héan-chúis gháire na Bráithre Dubha.
Má táid siad náireach ní cás duit siúd.
Cabhruighmís leis na daoinibh chabhruigheann linn. Tá
gábhadh le n-ar ndá dhícheall. Déineadh gach éinne soin,
nó chomh comgharach dó agus is féidir leis. Anois agus feasta,
a cháirde! Sinn féin, sinn féin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services