Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Capall á Bháidh'
Title
An Capall á Bháidh'
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail AN CAPALL Á BHÁIDH'. Thuit an capall isteach i bpoll uisge. Chonnaic an buachaill aimsire an capall sa pholl agus níor fhead sé fóirithint air. Rith sé go dtí an máighistir ar séirse an anama, agus gach aon bhéic bháis aige “An capall á bháidh', an capall á bháidh'.” “Th'anam dho'n riaghal,” arsa an maighistir, “ná déanfá amhrán de.” Thóg an buachaill a ghuth agus chas sé an t-amhrán go fada bog binn, agus gan san amhrán aige ach “Ó ró an capall á bháidh'”. Níor bh'fhusa leis an mbuachaill úd amhrán a dhéanamh de chapall á bháidh ná le daoinibh áirithe amhrán a dhéanamh de “Long is bád”. Agus níor bh'aon nidh an t-amhrán go dtáinig an caoine. Admhuighim nár chuimh- nigheas a leithéidí siúd a bheith beó nuair sgríobhas na focail ar dtúis, ach táid siad anois le ráithe agus ní fhéadaid siad a theasbáint gur fhágas aon chúrsaidhe gearáin acu. Táim ag clos “Long is bád” agus “an péintéir á ghearradh” le fada, agus fághaim le h-udhacht ná feicim aon nidh bun os cionn sa chosamhlacht, fiú amháin dá bhfuighim peann agus páipéar agus é chaitheamh suas ar a fhaid agus ar a leithead. Níor éirigh impireacht mar Shasana ó thosach an domhain nár thuit arís, agus is dócha go dtuitfidh impireacht na Sacsan uair éigin. Déarfaidh Sasanaigh féin leat go bhfuil sí ag dreoghadh le fada, agus tugaid siad cúis mhaith leis, an chúis cheudna adeir an Céitinneach fé ndeara do ríoghacht na hÉireann tuitim fadó. Is 'mó tír leathan a bhí ar adhastar ag an Róimh. Nuair thuit an Róimh fuair cuid acu an t-áth agus fuair cuid acu an clochán. Báidheadh an Bhreatain agus tháinig an Spáinn. Cia acu gheobhaidh Éire, pé luath mall a bhéidh sí ghá iarradh? Dearfadh éinne' go mbeadh inchinn 'n-a cheann gur b'fhearr lón bídh le linn gábhatair ná gaisge teangan. Má deirim go bhfuil Éire ghá dlúth-cheangal féin do Shasana deirim sa ghuth chéadna go bhféadfadh sí a gréim a bhogadh. Cá bhfuil an díoghbháil sa méid sin? Cad é an mhaitheas dúinn bheith ag ceilt na fírinne ar a chéile? Is dócha ná fuigheam ar mbéal osgailt feasda gan cead ó lucht gaoithe móire. Ní bhfuil le rádh acu súd ach “ar buile taoi a Dhomhnaill.” Tá sean-thaithighe ag cuid againn ar a leithéid sin de chaint. Ní bhfuil ach dá lá ó tháinig fear rómham ar an mbóthar. “Feuch,” ar seisean, “sibh-se a lucht na Gaedhilge seo, tá gach aoinne riamh agaibh ar gealaigh — ar dearg-bhuile,” ar seisean, agus ghread sé leis gan focal eile a labhairt. Thug “Baile binn Bheurla” leas ainm ar féin. Is breágh bríoghmhar an Ghaedhilg a chuir sé ar alt a léigheas i bpáipéar Bhéarla ráithe ó shoin, agus chuir sé an fhilidheacht uaidh féin ann. Go deimhin is fada nár airigheas caoine ghá shníomh go dtí soin. Ní chuige chuirfeadh an ceap bróige ach go dtí an té bhí i mbun an “Chlaidhim” nuair a leigeadh an t-amhrán agus an caoine isteach. Tá an capall á bháidh'. Feargus Finn-bhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services