Cúrsaidhe an tSaoghail
AN CAPALL Á BHÁIDH'.
Thuit an capall isteach i bpoll uisge. Chonnaic an
buachaill aimsire an capall sa pholl agus níor fhead sé
fóirithint air. Rith sé go dtí an máighistir ar séirse
an anama, agus gach aon bhéic bháis aige “An capall á
bháidh', an capall á bháidh'.” “Th'anam dho'n riaghal,”
arsa an maighistir, “ná déanfá amhrán de.” Thóg an
buachaill a ghuth agus chas sé an t-amhrán go fada bog binn,
agus gan san amhrán aige ach “Ó ró an capall á bháidh'”.
Níor bh'fhusa leis an mbuachaill úd amhrán a dhéanamh
de chapall á bháidh ná le daoinibh áirithe amhrán a
dhéanamh de “Long is bád”. Agus níor bh'aon nidh an
t-amhrán go dtáinig an caoine. Admhuighim nár chuimh-
nigheas a leithéidí siúd a bheith beó nuair sgríobhas na
focail ar dtúis, ach táid siad anois le ráithe agus ní
fhéadaid siad a theasbáint gur fhágas aon chúrsaidhe
gearáin acu. Táim ag clos “Long is bád” agus “an
péintéir á ghearradh” le fada, agus fághaim le h-udhacht
ná feicim aon nidh bun os cionn sa chosamhlacht, fiú
amháin dá bhfuighim peann agus páipéar agus é chaitheamh suas
ar a fhaid agus ar a leithead.
Níor éirigh impireacht mar Shasana ó thosach an
domhain nár thuit arís, agus is dócha go dtuitfidh impireacht
na Sacsan uair éigin. Déarfaidh Sasanaigh féin leat
go bhfuil sí ag dreoghadh le fada, agus tugaid siad cúis
mhaith leis, an chúis cheudna adeir an Céitinneach fé
ndeara do ríoghacht na hÉireann tuitim fadó. Is 'mó
tír leathan a bhí ar adhastar ag an Róimh. Nuair thuit
an Róimh fuair cuid acu an t-áth agus fuair cuid acu an
clochán. Báidheadh an Bhreatain agus tháinig an Spáinn.
Cia acu gheobhaidh Éire, pé luath mall a bhéidh sí ghá
iarradh? Dearfadh éinne' go mbeadh inchinn 'n-a cheann
gur b'fhearr lón bídh le linn gábhatair ná gaisge
teangan.
Má deirim go bhfuil Éire ghá dlúth-cheangal féin do
Shasana deirim sa ghuth chéadna go bhféadfadh sí a
gréim a bhogadh. Cá bhfuil an díoghbháil sa méid sin?
Cad é an mhaitheas dúinn bheith ag ceilt na fírinne ar
a chéile? Is dócha ná fuigheam ar mbéal osgailt
feasda gan cead ó lucht gaoithe móire. Ní bhfuil le
rádh acu súd ach “ar buile taoi a Dhomhnaill.” Tá
sean-thaithighe ag cuid againn ar a leithéid sin de
chaint. Ní bhfuil ach dá lá ó tháinig fear rómham ar an
mbóthar. “Feuch,” ar seisean, “sibh-se a lucht na
Gaedhilge seo, tá gach aoinne riamh agaibh ar gealaigh —
ar dearg-bhuile,” ar seisean, agus ghread sé leis gan
focal eile a labhairt.
Thug “Baile binn Bheurla” leas ainm ar féin. Is
breágh bríoghmhar an Ghaedhilg a chuir sé ar alt a léigheas
i bpáipéar Bhéarla ráithe ó shoin, agus chuir sé an fhilidheacht
uaidh féin ann. Go deimhin is fada nár airigheas caoine
ghá shníomh go dtí soin. Ní chuige chuirfeadh an ceap
bróige ach go dtí an té bhí i mbun an “Chlaidhim” nuair
a leigeadh an t-amhrán agus an caoine isteach.
Tá an capall á bháidh'.
Feargus Finn-bhéil.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11