Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Litir Aodhaireachta
Title
An Litir Aodhaireachta
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 13, 1901 AN LITEAR AODHAIREACHTA Dá bhfiafruighthí dhinn caidé an rud is tabhachtaighe agus is tairbhighe do'n Ghaedhilg do thuit amach le bliadhain, adéaraimís gan aimhreas gurab é comhairle na nÁird- easbog agus na nEasbog bheith da cur amach i nGaedhilg chomh maith leis an mBéarla é. Fuarthas ordughadh speisialta an litear Aodhaireachta do chur amach i nGaedhilg, agus taisbeánann soin Cliar na hÉireann, nar theip i n-éan-ghábhadh, do bheith ar thaobh na Gaedhilge. Tá an Litear so mar uradhas againn go bhfuil ár gCliar naomhtha linn, ins an obair fhiúntaigh seo ar dteangadh duthchais, agus gabhaim-se orm pé cúis go mbídh cliar agus tuath i n-éinfheacht ag teantughadh léi nach bhfuil baoghal ná go raghaidh sí chum criche fóghanta. Ní gábhadh trácht ar ughdarásacht na Litre seo mar tá a fhios soin ag gach éan-duine cheana féin. Ní'l leath-sgéal ar bith anois ag an gCléir fanamhaint leath amuigh de Chonnradh na Gaedhilge ná gach ar féidir leo do dhéanamh ar a shon. Tá séala Airdeasbog agus Easbog na hÉireann ar an nGaedhilg anois agus is mór is ion-mholta an gníomh soin uatha. Ar an Dochtúir Micheál O hIceadha is eadh thuit aistriughadh na litre go Gaedhilg agus go deimhin gur maith d'éirigh leis a dhéanamh. Tá míniughadh na gcruadh- fhocal curtha síos aige i gcomhnuidhe. Ba cheart do gach Gaedhilgeóir an leabhairín seo bheith aige; a léigheamh agus a áith-léigheamh; agus ní'l dá minicighe léighfidh sé é nach fearrde a chuid Gaedhilge féin an gníomh sain. Tuistiun luach an leabhairín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services