Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéilín ar chat
Title
Sgéilín ar chat
Author(s)
Ní hÉidiúin, Máire,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉILÍN AR CHAT Bhí sean-bhean ann, fad ó shoin, agus níor ith sí feóil ar bith, acht arán, luibhe, bainne, uibhe agus rudaí mar sin. Ní raibh sí bocht, acht do mheasadh sí nár cheart eallach no caoirigh do mharbhadh chum bídh. Bhí cat dubh aici mar pheata, agus bhí grádh mór aici dhó thug sí neart bainne agus aráin dó, acht dá marbh- fadh an cat luch nó éan beag, ní bhfuigheadh sé feóil ar bith. Ba mhian leis an g-cat bocht beagán feóla d'fhagháil, agus fá dheireadh chuaidh sé go dtí teach an dochtúra bhí 'na chómhnuidhe in-a n-aice. “Go mbeannuighidh Dia dhuit a Dhochtúir,” ar san cat. “An mian leat cat breágh, láidir chum na luch do mharbhadh?” “Níl aon luch in san teach,” ar san dochtúir. “Acht cád fá bhfuil tú ag iarraidh oibre, a chait chóir? Nach máighistreás mhaith dhuit Nóra Ní Cheallaigh?” “Maiseadh, is maith í go deimhin” d'fhreagair an cat, “agus tá lán mo bhéil, aráin agus bainne agam, agus leabaidh mhaith gach oidhche. Acht mo bhrón, níl greim feóla in san tigh ó thús Eanair go dtí críoch Mhí Nodlaig. Táim marbh go léir ó'n ocras.” “Go bhfóiridh Dia ort, a chait bhoicht,” ar san
dochtúr. “Tár isteach. Tiubhraidh mé do dhinéar duit.” D'ith an cat a dhóthain feóla, agus bhí luthgháir mhór air. “Sláinte agus saoghal agat,” ar seisean. “Is truagh gan mise im' chat tighe dhuit!” “Is truagh é, go deimhin,” d'fhreagair an dochtúr. “Acht tár arís nuair is maith leat; béidh fáilte romhat i g-comhnuidhe.” Tháinig an cat ar cuairt chum an dochtúra go minic, agus tar éis tamaill ní raibh cat níos ramhaire 'ná é i g-Cúige Chonnacht. Ní raibh eólas ar a bheathaidh bhréagaigh ag a mháighistreás. Nuair dubhairt sí le n-a cáirdíbh “Ní fios é seo adeirthear go coitchionn, nach féidir le cat bheith i sláinte gan fheóil. Féach an cat breágh sin; ní fhuair sé greim feóla ó'n lá rugadh é.” D'osgail an sean-bhitheamhnach a shúile; do lígh sé an meath ón-a bhéal, acht níor leig sé focal as. Máire Ní hÉidiúin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services