SGÉILÍN AR CHAT
Bhí sean-bhean ann, fad ó shoin, agus níor ith sí feóil
ar bith, acht arán, luibhe, bainne, uibhe agus rudaí mar
sin. Ní raibh sí bocht, acht do mheasadh sí nár cheart
eallach no caoirigh do mharbhadh chum bídh.
Bhí cat dubh aici mar pheata, agus bhí grádh mór aici
dhó thug sí neart bainne agus aráin dó, acht dá marbh-
fadh an cat luch nó éan beag, ní bhfuigheadh sé feóil ar
bith.
Ba mhian leis an g-cat bocht beagán feóla d'fhagháil,
agus fá dheireadh chuaidh sé go dtí teach an dochtúra
bhí 'na chómhnuidhe in-a n-aice.
“Go mbeannuighidh Dia dhuit a Dhochtúir,” ar san cat.
“An mian leat cat breágh, láidir chum na luch do
mharbhadh?”
“Níl aon luch in san teach,” ar san dochtúir. “Acht
cád fá bhfuil tú ag iarraidh oibre, a chait chóir? Nach
máighistreás mhaith dhuit Nóra Ní Cheallaigh?”
“Maiseadh, is maith í go deimhin” d'fhreagair an cat,
“agus tá lán mo bhéil, aráin agus bainne agam, agus
leabaidh mhaith gach oidhche. Acht mo bhrón, níl greim
feóla in san tigh ó thús Eanair go dtí críoch Mhí
Nodlaig. Táim marbh go léir ó'n ocras.”
“Go bhfóiridh Dia ort, a chait bhoicht,” ar san
dochtúr. “Tár isteach. Tiubhraidh mé do dhinéar
duit.”
D'ith an cat a dhóthain feóla, agus bhí luthgháir mhór
air.
“Sláinte agus saoghal agat,” ar seisean. “Is
truagh gan mise im' chat tighe dhuit!”
“Is truagh é, go deimhin,” d'fhreagair an dochtúr.
“Acht tár arís nuair is maith leat; béidh fáilte romhat
i g-comhnuidhe.”
Tháinig an cat ar cuairt chum an dochtúra go minic,
agus tar éis tamaill ní raibh cat níos ramhaire 'ná é
i g-Cúige Chonnacht. Ní raibh eólas ar a bheathaidh
bhréagaigh ag a mháighistreás. Nuair dubhairt sí le n-a
cáirdíbh “Ní fios é seo adeirthear go coitchionn, nach
féidir le cat bheith i sláinte gan fheóil. Féach an cat
breágh sin; ní fhuair sé greim feóla ó'n lá rugadh é.”
D'osgail an sean-bhitheamhnach a shúile; do lígh sé an
meath ón-a bhéal, acht níor leig sé focal as.
Máire Ní hÉidiúin