Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Mac Ceanglaigh, Pádraic,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail BHFUIL AGAT? TÁ. Tuairim a ceathair nó a cúig de mhíltibh leath thoir- thuaidh do Chathair Chille Chainnigh, tá baile nó áit ar nglaodhtar Tulach Uí Bhroin, i n-aice le Tobhar Eóin Baiste. Timcheall deich mbliadhna fichead ó shoin ann, do bhí an Ghaedhilg dá labhairt ag gach duine do chómhnuigh 'san áit sin. Is deimhin go raibh mórán d'fhearaibh agus de mhnáibh ann an t-am sin nár thuig focal ar bith de'n Bhéarla. Tá cuid mhaith de na daoinibh ann labhrais an Ghaedhilg fós, agus is breagh blasda an Ghaedhilg atá aca leis. Aon Satharn amháin, tuairim cúig bliadhna is fiche ó shoin ann, do bhí beirt fhear ó'n áit sin ar an margadh i gCill Chainnigh, agus ar ndul abhaile dhóibh i bhfochair a chéile, casadh orra beirt saighdiúirí Shasannacha i bhfoigseacht do Dhaingean an Airm atá lasmuigh de'n Chathair. Do chuir na saighdiúirí dubhshlán fá na Tuathaibh cromadh ar imirt cártaí leó. Do bhí an comórtas réidhtighthe eatorra, agus nuair bhíodh na cártaí roinnte agus a chuid féin ag gach duine dhíobh, bhíodh fonn ar na tuathaibh an báire do chongbháil aca féin, agus an cluithche do chur ar na saighdiúiríbh. Mar sin dé, tar éis dearcadh ar na chartaibh bhíodh 'na dhorn do gach tuatach, d'fhiafruigheadh sé dá charaid “b-fhuil agat?” 'sé sin le rádh “an b-féadair an cluithche do ghnóthughadh?” D'fhreagradh seisean “Tá”
dá mbíodh i gcumas dó a dhéanamh. Dá bhrígh sin do b'í an chaint do bhí eatorra an fhaid do leanadar ar an imirt ná “bhfuil agat? Tá,” agus mar sin níor léigeadar do na saighdiúiríbh cluithche ar bith do chur orra. I ndeireadh na dála, nuair chonnaic na Sasannaigh nár éirigh leó rud ar bith do dhéanamh, dubhairt fear aca le n-a charaid i nGall-Bhéarla Helló a Sheagháin, cuirimís suas dé; ní fhuil aon-mhaith againn leanmhaint air; tá na fir so ró-chlisde dúinn; do ghnóthóchaidís ar an aidhbheirseóir féin leis an ráidhteachas soin aca “bhfuil agat? Tá?” Pádraic Mac Ceanglaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services