Cúrsaidhe an tSaoghail
BHFUIL AGAT? TÁ.
Tuairim a ceathair nó a cúig de mhíltibh leath thoir-
thuaidh do Chathair Chille Chainnigh, tá baile nó áit ar
nglaodhtar Tulach Uí Bhroin, i n-aice le Tobhar Eóin
Baiste. Timcheall deich mbliadhna fichead ó shoin ann, do
bhí an Ghaedhilg dá labhairt ag gach duine do chómhnuigh
'san áit sin. Is deimhin go raibh mórán d'fhearaibh agus de
mhnáibh ann an t-am sin nár thuig focal ar bith de'n
Bhéarla. Tá cuid mhaith de na daoinibh ann labhrais an
Ghaedhilg fós, agus is breagh blasda an Ghaedhilg atá aca
leis.
Aon Satharn amháin, tuairim cúig bliadhna is fiche ó
shoin ann, do bhí beirt fhear ó'n áit sin ar an margadh i
gCill Chainnigh, agus ar ndul abhaile dhóibh i bhfochair a chéile,
casadh orra beirt saighdiúirí Shasannacha i bhfoigseacht
do Dhaingean an Airm atá lasmuigh de'n Chathair.
Do chuir na saighdiúirí dubhshlán fá na Tuathaibh cromadh
ar imirt cártaí leó. Do bhí an comórtas réidhtighthe
eatorra, agus nuair bhíodh na cártaí roinnte agus a chuid féin
ag gach duine dhíobh, bhíodh fonn ar na tuathaibh an báire
do chongbháil aca féin, agus an cluithche do chur ar na
saighdiúiríbh. Mar sin dé, tar éis dearcadh ar na
chartaibh bhíodh 'na dhorn do gach tuatach, d'fhiafruigheadh sé
dá charaid “b-fhuil agat?” 'sé sin le rádh “an b-féadair
an cluithche do ghnóthughadh?” D'fhreagradh seisean “Tá”
dá mbíodh i gcumas dó a dhéanamh. Dá bhrígh sin do
b'í an chaint do bhí eatorra an fhaid do leanadar ar an
imirt ná “bhfuil agat? Tá,” agus mar sin níor léigeadar
do na saighdiúiríbh cluithche ar bith do chur orra.
I ndeireadh na dála, nuair chonnaic na Sasannaigh nár
éirigh leó rud ar bith do dhéanamh, dubhairt fear aca le
n-a charaid i nGall-Bhéarla Helló a Sheagháin, cuirimís
suas dé; ní fhuil aon-mhaith againn leanmhaint air; tá
na fir so ró-chlisde dúinn; do ghnóthóchaidís ar an
aidhbheirseóir féin leis an ráidhteachas soin aca “bhfuil
agat? Tá?”
Pádraic Mac Ceanglaigh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11