Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg i Roscomáin
Title
An Ghaedhilg i Roscomáin
Author(s)
An Múirneach Gléigeal,
Pen Name
An Múirneach Gléigeal
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail AN GHAEDHILG I ROSCOMÁIN Ní'l ball i nÉirinn go bhfuil a préamhacha curtha chomh daingean i dtalamh ag an nGaedhilg le beagán aimsire ná i gcathair Roscomáin agus san gceantar mór- thimcheall. Is féidir liom a rádh nár bhuail éan-daoine fós liom, is mó go bhfuil dúil aco a dteanga dúthchais d'fhoghluim ná na Roscománaigh. Tuilleann an tAthair Tomás Ua Cuimín, an tAthair Mac Lochlainn S.P. agus an tAthair Michéal agus Seósaimh Ua Broin árd-mholadh dtaobh an obair ionghantach atá déanta aco ar son na Gaedhilge. Tá an síol curtha aco i gcré shaidhbhir agus ní'l amhras ar bith ná go dtiubharaidh sé toradh uaidh. 'Sí an Ghaedhilg anois caint na huaire i measg na ndaoine. Atá Gaedhilg dá múineadh i sgoil na ngarsún cúig laethe sa tseachtmhain ar feadh leath-uaire an chluig gach lá do dhá fhichead garsún, 'sis siad atá ag dul ar aghaidh go tréan. Tá go hárd os cionn céad pearsa idir fear bean agus paisde, ag foghluim Gaedhilge cúig oidhche sa tseachtmhain. Cé ná fuil siad acht ag gabháil do'n obair acht le seachtmhain, ní ró-fhada go mbéidh siad ós cionn an chéad leabhair. I dtaobh amuigh de'n leabhar atáim ag múineadh ar mhodh Berlitz 's is féidir dóibh smaoineadh, léigheadh agus sgríobhadh níos fearr ar an gcuma soin, 'na aon oideas eile do geóbhadaís a leabhar ar bith. Tá Gaedhilg dá múineadh gach Domhnach tar éis Aifrinn i sgoil Cill Tighe Éibhín, is bíonn teach na sgoile lán. Bíonn siad cruinnighthe ann óg agus aosda. Dá rachadh an aimsir i bhfeabhas, bheadh Gaedhilg dá múineadh ins gach sgoil sa cheanntar. Cuirfear Craobh do Chonnradh na Gaedhilge ar bun annso gan mhoill i gCathair Roscomáin, agus is ann nach misde é, mar is fír-Éireannaigh muinntir Roscomáin. Tá an spioraid cheart i bhfearaibh agus i mnáibh chondae an Chroibhín Aoibhinn. Measaim gur labhair fear na Gaillimhe beagán bun ós cionn, 'n-a dtaobh i gClaidheamh Soluis na seachtmhaine seo do ghaibh tar- rainn. Dá mbéadh sé 'n-a measg, do bhéadh níos mó 'na soin de mheas aige orra. Níor cheart duit aon iongnadh bheith ort, dá gcluinfeá na páisdí ag spreagadh na bhfocal so, ar fuid na sráide go meidhreach. “Cia chaoi bhfuil tú,” “Lá breágh,” “Bail ó Dhia ort,” “Go soirbhíghidh Dia dhuit,” agus mórán eile nach iad. Atá buaidh mór i ndán do'n Ghaedhilg i Roscomáin, is chómh fada is bhéidh an tEasbog, an Sagart sa Doch- túir 'n-a fabhair: — “Ní bhfaghaidh sí bás acht béidh sí ag fás, Na crann bhreagh chraobhamhail áluinn, Is leathadh an sgéal ó bhéal go béal Go mbéidh sonas is sean le faghail ann.” “An Múirneach Gléigeal.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services