Cúrsaidhe an tSaoghail
AN GHAEDHILG I ROSCOMÁIN
Ní'l ball i nÉirinn go bhfuil a préamhacha curtha chomh
daingean i dtalamh ag an nGaedhilg le beagán aimsire
ná i gcathair Roscomáin agus san gceantar mór-
thimcheall.
Is féidir liom a rádh nár bhuail éan-daoine fós liom,
is mó go bhfuil dúil aco a dteanga dúthchais d'fhoghluim
ná na Roscománaigh. Tuilleann an tAthair Tomás Ua
Cuimín, an tAthair Mac Lochlainn S.P. agus an tAthair
Michéal agus Seósaimh Ua Broin árd-mholadh dtaobh an
obair ionghantach atá déanta aco ar son na Gaedhilge.
Tá an síol curtha aco i gcré shaidhbhir agus ní'l amhras
ar bith ná go dtiubharaidh sé toradh uaidh. 'Sí an
Ghaedhilg anois caint na huaire i measg na ndaoine.
Atá Gaedhilg dá múineadh i sgoil na ngarsún cúig
laethe sa tseachtmhain ar feadh leath-uaire an chluig
gach lá do dhá fhichead garsún, 'sis siad atá ag dul ar
aghaidh go tréan. Tá go hárd os cionn céad pearsa
idir fear bean agus paisde, ag foghluim Gaedhilge
cúig oidhche sa tseachtmhain. Cé ná fuil siad acht ag
gabháil do'n obair acht le seachtmhain, ní ró-fhada go
mbéidh siad ós cionn an chéad leabhair. I dtaobh
amuigh de'n leabhar atáim ag múineadh ar mhodh Berlitz
's is féidir dóibh smaoineadh, léigheadh agus sgríobhadh
níos fearr ar an gcuma soin, 'na aon oideas eile do
geóbhadaís a leabhar ar bith.
Tá Gaedhilg dá múineadh gach Domhnach tar éis
Aifrinn i sgoil Cill Tighe Éibhín, is bíonn teach na
sgoile lán. Bíonn siad cruinnighthe ann óg agus
aosda. Dá rachadh an aimsir i bhfeabhas, bheadh Gaedhilg
dá múineadh ins gach sgoil sa cheanntar.
Cuirfear Craobh do Chonnradh na Gaedhilge ar bun
annso gan mhoill i gCathair Roscomáin, agus is ann nach
misde é, mar is fír-Éireannaigh muinntir Roscomáin.
Tá an spioraid cheart i bhfearaibh agus i mnáibh
chondae an Chroibhín Aoibhinn. Measaim gur labhair
fear na Gaillimhe beagán bun ós cionn, 'n-a dtaobh i
gClaidheamh Soluis na seachtmhaine seo do ghaibh tar-
rainn. Dá mbéadh sé 'n-a measg, do bhéadh níos mó 'na
soin de mheas aige orra.
Níor cheart duit aon iongnadh bheith ort, dá gcluinfeá
na páisdí ag spreagadh na bhfocal so, ar fuid na
sráide go meidhreach. “Cia chaoi bhfuil tú,” “Lá
breágh,” “Bail ó Dhia ort,” “Go soirbhíghidh Dia dhuit,”
agus mórán eile nach iad.
Atá buaidh mór i ndán do'n Ghaedhilg i Roscomáin,
is chómh fada is bhéidh an tEasbog, an Sagart sa Doch-
túir 'n-a fabhair: —
“Ní bhfaghaidh sí bás acht béidh sí ag fás,
Na crann bhreagh chraobhamhail áluinn,
Is leathadh an sgéal ó bhéal go béal
Go mbéidh sonas is sean le faghail ann.”
“An Múirneach Gléigeal.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11