Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Focal i dTráth
Title
Focal i dTráth
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 6, 1901 FOCAL I DTRÁTH Tá an Cháisg againn anois agus cuirtear i gcuimhne dhuinn go bhfuilmíd ag teacht comhgarach d'aimsir an Oireachtais. Tá súil againn go bhfuil sgríobhnóirí na Gaedhilge ag obair ar lán a ndíchill. Ní'l mórán aimsire aca anois agus is éigin dóibh brostughadh orra féin feasda. Gabhaidh- se bhur cleití a lucht na bpeann do stiúrughadh. Ná leigidh d'éin-mheirg fás orra d'easbhaidh a gcaithte. Ní'l éan-amhras nách é an méid atá sgríobhtha an chuid is tábhachtaighe agus is tairbhighe de ghnóthaibh an Oireachtais. Is é is túisge go bhfeicfear a iarsmaí ar Ghluaiseacht na Gaedhilge agus is é is sia go bhfanfaidh a rian ar intinn na nGaedheal. Ní maith linn iomaidheacht fá leith do mholadh do na sgríobhnóiribh. Bíodh a rogha féin aca. Tá a ndóthain díobh ann. Acht ná faighmís iomaidheacht ar bith dá bhfuil ann gan sgríobhnóirí chuici. Tá mórán daoine ann agus daoine go bhfuil togha Ghaedhilge aca, nach sgríobhann í i n-ean-chor, toisg eagla bheith orra nach mbéadh sé ar a gcumas litriughadh i gceart. Is beag an mhaith duine gur féidir leis an Ghaedhilg do léigheadh agus do labhairt agus ná beadh de mhisneach 'na chroidhe agus tosughadh ar a sgríobhadh. Ní héan-chúis náire do dhuine gan litriughadh foghanta bheith aige. Murar féidir leat litriughadh, litrigh chomh maith is is féidir leat. Ní fheadrais cad do thiocfadh chugat dá bharr. “Is minic do bhí braimín gioballach 'n-a fhiadhguidhe chumasach.” Luighidh isteach chum oibre, a Ghaedhilgeóirí, agus taisbeánam do'n tsaoghal go léir nach díomhaoin atá intinn na nGaedheal i dtaobh na nuaidh-litridheachta so i dteangain ar ndúthchais ghil féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services