An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 6, 1901
FOCAL I DTRÁTH
Tá an Cháisg againn anois agus cuirtear i gcuimhne dhuinn
go bhfuilmíd ag teacht comhgarach d'aimsir an Oireachtais.
Tá súil againn go bhfuil sgríobhnóirí na Gaedhilge ag
obair ar lán a ndíchill. Ní'l mórán aimsire aca anois
agus is éigin dóibh brostughadh orra féin feasda. Gabhaidh-
se bhur cleití a lucht na bpeann do stiúrughadh.
Ná leigidh d'éin-mheirg fás orra d'easbhaidh a gcaithte.
Ní'l éan-amhras nách é an méid atá sgríobhtha an chuid
is tábhachtaighe agus is tairbhighe de ghnóthaibh an Oireachtais.
Is é is túisge go bhfeicfear a iarsmaí ar Ghluaiseacht
na Gaedhilge agus is é is sia go bhfanfaidh a rian ar intinn
na nGaedheal. Ní maith linn iomaidheacht fá leith do
mholadh do na sgríobhnóiribh. Bíodh a rogha féin aca.
Tá a ndóthain díobh ann. Acht ná faighmís iomaidheacht
ar bith dá bhfuil ann gan sgríobhnóirí chuici. Tá mórán
daoine ann agus daoine go bhfuil togha Ghaedhilge aca,
nach sgríobhann í i n-ean-chor, toisg eagla bheith orra
nach mbéadh sé ar a gcumas litriughadh i gceart. Is
beag an mhaith duine gur féidir leis an Ghaedhilg do
léigheadh agus do labhairt agus ná beadh de mhisneach 'na chroidhe
agus tosughadh ar a sgríobhadh. Ní héan-chúis náire do
dhuine gan litriughadh foghanta bheith aige. Murar
féidir leat litriughadh, litrigh chomh maith is is féidir
leat. Ní fheadrais cad do thiocfadh chugat dá bharr.
“Is minic do bhí braimín gioballach 'n-a fhiadhguidhe
chumasach.” Luighidh isteach chum oibre, a Ghaedhilgeóirí,
agus taisbeánam do'n tsaoghal go léir nach díomhaoin atá
intinn na nGaedheal i dtaobh na nuaidh-litridheachta
so i dteangain ar ndúthchais ghil féin.