Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Áireamh an tSluaigh
Title
Áireamh an tSluaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 30, 1901 ÁIREAMH AN TSLUAIGH Oidhche dheiridh na míosa sho is eadh bhéafar ag áireamh an tsluaigh ins na trí Ríoghachtaibh. Tá páipéar ag ceann gach teaghlaigh i nÉirinn, agus tá orra a líonadh suas. Anois is beag baint atá againn le héinnídh dá bhfuil ann, acht amháin leis an gcolamhan i dtaobh na Gaedhilge. Deich mbliadhna ó shoin tá a fhios againn go raibh náire ar mórán daoine admháil go raibh sé ar a gcumus éan-fhocal Ghaedhilge do labhairt. Tá súil le Dia againn ná bhéidh siad mar sin i mbliadhna. Éinneach go bhfuil sé ar a chumas Gaedhilg do labhairt, pé beag nó mór an méid di atá aige, ná bíodh sé gan a innsint go bhfuil Gaedhilg aige. Mar an gcéadna, na daoine atá ag foghluim Gaedhilge, tig leó a rádh go bhfuil Gaedhilg aca. Ar an gCléir go háirthe, dar linn, théid beagán comhairle thabhairt dá bpobail i dtaobh na ceiste seo. Is í ceist na huaire í, mar adéarfá, agus béidh súil i n-áirde ag Gaedhealaibh, agus ag Gallaibh freisin, féa- chaint cionnas éireochas le teangaidh na hÉireann 'san áireamh so. Ní gábhadh a thuilleadh do rádh mar gheall air, acht a fhágaint fá dheagh-thoil na ndaoine féin. Táimíd deimhneach ná rachaid i bhfad amudha, má churtar i n-umhail dóibh gur orra féin atá lot nó leasughadh an sgéil go léir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services