An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 30, 1901
ÁIREAMH AN TSLUAIGH
Oidhche dheiridh na míosa sho is eadh bhéafar ag áireamh
an tsluaigh ins na trí Ríoghachtaibh. Tá páipéar ag
ceann gach teaghlaigh i nÉirinn, agus tá orra a líonadh
suas. Anois is beag baint atá againn le héinnídh dá
bhfuil ann, acht amháin leis an gcolamhan i dtaobh na
Gaedhilge. Deich mbliadhna ó shoin tá a fhios againn
go raibh náire ar mórán daoine admháil go raibh sé ar
a gcumus éan-fhocal Ghaedhilge do labhairt. Tá súil
le Dia againn ná bhéidh siad mar sin i mbliadhna.
Éinneach go bhfuil sé ar a chumas Gaedhilg do labhairt,
pé beag nó mór an méid di atá aige, ná bíodh sé gan
a innsint go bhfuil Gaedhilg aige. Mar an gcéadna,
na daoine atá ag foghluim Gaedhilge, tig leó a rádh
go bhfuil Gaedhilg aca.
Ar an gCléir go háirthe, dar linn, théid beagán
comhairle thabhairt dá bpobail i dtaobh na ceiste seo.
Is í ceist na huaire í, mar adéarfá, agus béidh súil i
n-áirde ag Gaedhealaibh, agus ag Gallaibh freisin, féa-
chaint cionnas éireochas le teangaidh na hÉireann 'san
áireamh so. Ní gábhadh a thuilleadh do rádh mar gheall
air, acht a fhágaint fá dheagh-thoil na ndaoine féin.
Táimíd deimhneach ná rachaid i bhfad amudha, má
churtar i n-umhail dóibh gur orra féin atá lot nó
leasughadh an sgéil go léir.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11