Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Tá Impire na nGearmánach 'na shláinte arís dh'éis a luigheacháin indiaidh an bhuille-chloich do thug fear dó i gcathair Bhremen, tá trí seachtmhaine ó shoin. Bhí a mhuintir ag cómh-chumann leis i dtaobh a shlána, agus níor leig sé as láthair iad gan oráid, mar is cainteach an fear é. Is dócha nach bhfuil sé ró-chneasda leis an bhfear do bhuail é, agus dubhairt sé nách raibh na daoine óga chómh hurramach agus do bhíodar i n-aimsir a shean-athar. Is fíor dó sain. Is beag an beann atá ar righ indiu, acht amháin aca so go bhfuil súil aca le rud éigin d'fhágháil uaidh. Ní dhiongnann éadach breagh fear maith d'éin-fhear, agus dá bhfeicfá fear teann, téagartha, tuatha, agus rí cama-chosach, caol-mhuineálach, ag snámh i linn abhann i n-éinfheacht ba dhóich leat gurab é an fear tuatha an rí. Is misneamhail an freagra do thug Laoiseach Bóta ar Chitsiner. Ba chruaidh ar Sheaghán Bhuidhe siothcháin d'iarraidh ar na Bóraigh, acht mar sin féin do thairg sé dhóibh í dá mhionca d'innis sé dhúinn go gcaithfidís géilleadh ar dtúis. Bhí faitchíos ar dhaoinibh go meall- fadh sé Bóta le n-a chuid geallamhna mar bhí bean
Laoisigh go gnóthach ag tafhant air leis. Do bhiadh a riaghail féin ag na Bóraigh fá mar atá ag Canada agus cead aca chum a dteanga do mhúineadh ins na sgoileanna. Do thabharfadh Seaghán milliún púnt dóibh mar dhíol as na tighthibh do loisg sé, agus cead a gcos do na Bóraigh atá ar láimh aige. “Ní iarfainn ar na Bóraigh géilleadh ar na coingheallaibh sin,” arsa Laoiseach Bóta go dán, agus tá an cogadh gránna d'á cur arís. Deirthear go mbéimísne go sásta i nÉirinn d'á bhfuigh- fimís ceart de'n tsaghas sain, acht is deacra na Bóraigh do shásamh gidh go bhfuilid ag cómhrac le bliadhain go leith gan cabhair ó éinne. Deir an saoghal go léir gur mithid dóibh bheith cortha anois, acht is cuma leis na Bóraigh cad deir an saoghal. Níor thug an saoghal sain aon chongnamh dóibh acht caint is gaoth ná'r chosain pioc. Táid sgata bitheamhnach ag faire ar a chéile fós ins an tSín, agus ag iarraidh buntáiste d'fhagháil ar a chéile. Táid sgaothairí Lúnduin chómh ciúin le luich mar bhí sgannradh orra go mbuailfeadh an Rúise Sasana. Do choisg sí Seaghán bocht ar lúib do dhéanamh as a bhóthar iarrainn cois Tientsin. Bhí an ceart aige-sean acht ceart nó neamh-cheart caithfidh an lámh láidir bheith i n-uachtar. Is liom-sa an talamh arsa Seaghán acht mar sin féin ní chuirfeadh rann 'ná sluasad ann agus fágaim fá Bhaldersee, taoiseach ná nGearmánach, réidhtiughadh eadrainn. Tá an Gearmánach ag socarughadh an sgéil anois. Is beag é ionntaoibh na gCumhachtaí seo ar a chéile agus ní dóich liom go gcuirfeadh sé iongnadh ar éinneach iad d'fheicsint ar céasaibh a chéile sul a mbiadh an gnó críochnuighthe. Deirthear go bhfuil run chonnartha idir in tSín agus an Rúise agus go bhfuil na cumhachtaí eile ag déanamh uisge fá thalamh eatorra i gcás na cóimh- líonfadh an tSín a geallamhaint. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services