Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá Impire na nGearmánach 'na shláinte arís dh'éis a
luigheacháin indiaidh an bhuille-chloich do thug fear dó i
gcathair Bhremen, tá trí seachtmhaine ó shoin. Bhí a
mhuintir ag cómh-chumann leis i dtaobh a shlána, agus níor
leig sé as láthair iad gan oráid, mar is cainteach an
fear é. Is dócha nach bhfuil sé ró-chneasda leis an bhfear
do bhuail é, agus dubhairt sé nách raibh na daoine óga chómh
hurramach agus do bhíodar i n-aimsir a shean-athar. Is fíor
dó sain. Is beag an beann atá ar righ indiu, acht amháin
aca so go bhfuil súil aca le rud éigin d'fhágháil uaidh.
Ní dhiongnann éadach breagh fear maith d'éin-fhear, agus dá
bhfeicfá fear teann, téagartha, tuatha, agus rí cama-chosach,
caol-mhuineálach, ag snámh i linn abhann i n-éinfheacht
ba dhóich leat gurab é an fear tuatha an rí.



Is misneamhail an freagra do thug Laoiseach Bóta
ar Chitsiner. Ba chruaidh ar Sheaghán Bhuidhe siothcháin
d'iarraidh ar na Bóraigh, acht mar sin féin do thairg sé
dhóibh í dá mhionca d'innis sé dhúinn go gcaithfidís
géilleadh ar dtúis. Bhí faitchíos ar dhaoinibh go meall-
fadh sé Bóta le n-a chuid geallamhna mar bhí bean


L. 34


Laoisigh go gnóthach ag tafhant air leis. Do bhiadh a
riaghail féin ag na Bóraigh fá mar atá ag Canada agus
cead aca chum a dteanga do mhúineadh ins na
sgoileanna. Do thabharfadh Seaghán milliún púnt dóibh
mar dhíol as na tighthibh do loisg sé, agus cead a gcos do
na Bóraigh atá ar láimh aige. “Ní iarfainn ar na
Bóraigh géilleadh ar na coingheallaibh sin,” arsa Laoiseach
Bóta go dán, agus tá an cogadh gránna d'á cur arís.
Deirthear go mbéimísne go sásta i nÉirinn d'á bhfuigh-
fimís ceart de'n tsaghas sain, acht is deacra na
Bóraigh do shásamh gidh go bhfuilid ag cómhrac le
bliadhain go leith gan cabhair ó éinne. Deir an saoghal
go léir gur mithid dóibh bheith cortha anois, acht is cuma
leis na Bóraigh cad deir an saoghal. Níor thug an
saoghal sain aon chongnamh dóibh acht caint is gaoth ná'r
chosain pioc.



Táid sgata bitheamhnach ag faire ar a chéile fós ins
an tSín, agus ag iarraidh buntáiste d'fhagháil ar a chéile.
Táid sgaothairí Lúnduin chómh ciúin le luich mar bhí
sgannradh orra go mbuailfeadh an Rúise Sasana.
Do choisg sí Seaghán bocht ar lúib do dhéanamh as a
bhóthar iarrainn cois Tientsin. Bhí an ceart aige-sean
acht ceart nó neamh-cheart caithfidh an lámh láidir bheith
i n-uachtar. Is liom-sa an talamh arsa Seaghán acht mar
sin féin ní chuirfeadh rann 'ná sluasad ann agus fágaim
fá Bhaldersee, taoiseach ná nGearmánach, réidhtiughadh
eadrainn. Tá an Gearmánach ag socarughadh an sgéil
anois. Is beag é ionntaoibh na gCumhachtaí seo ar a
chéile agus ní dóich liom go gcuirfeadh sé iongnadh ar
éinneach iad d'fheicsint ar céasaibh a chéile sul a mbiadh
an gnó críochnuighthe. Deirthear go bhfuil run chonnartha
idir in tSín agus an Rúise agus go bhfuil na cumhachtaí eile
ag déanamh uisge fá thalamh eatorra i gcás na cóimh-
líonfadh an tSín a geallamhaint.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services