Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire “Dá ghiorracht duit do chóta is giorra dhuit do léine.” Léigheas litir i bpáipéar Béarla Dia Sathairn seo gabh tharainn ó dhuine uasal bhí tamall in' fhéisire, agus cuireann sé mar cheist ar chách cad is bun no cad is fáth leis na daoine bheith ag imtheacht as Éirinn. Duine géar-chúiseach ba dhóigh leat is eadh é. Ní chreideann sé gurab iad cam-dhlighthe an tSasanaigh fé ndeara an sgaipeadh agus an dearg-ruathar d'imthigh ar Chlannaibh Gaedheal le leath-chéad bliadhan, mar, deir sé, is amhlaidh bhí na daoine ag dul i n-iomadamhlacht nuair ba thruime agus ba neamh-thruaighmhéilighe bhí an chuing orra. Níor airigheas caint mar í sin ó dhuine eile dhá leithéid le bliadhain is fiche. Tá bolgán an Earraigh anois againn, agus “dá mbéadh Dia le h-iathaibh Fáil” is mó seisreach capall a bhéadh go saothrach ag casadh na mbánta. Ach cia tá ag cur adhbhar an aráin dúinn? Tá an Turcach agus an Rúisíneach agus sliocht Sheagháin thall i nAmericeá. Beidh sé ag teacht chugainn ar bórd luinge um Fhéil Mhichil seo chugainn, ach is 'mó buachaill ceólmhar agus Gaedhilgeóir binn-bhriathrach a chuirfidh na breac-fhairrgí anonn de fé sin. Tá daoine ann adeir gur saoráididhe dhúinn ádhbhar an aráin a cheannach lasmuigh ná é thógaint i nÉirinn. Más mar sin é ba mhór na hamadáin Clann Míleadh, ná aon treibh eile agus teacht go hÉirinn riamh. Ná creid focal de. Cionnus fhéadfadh aon arbhar bheith níos saoire ná an rud fhásann ag beinn an tighe ag duine. Dar ndóigh ní déarfadh é ach duine éigin as a chéill. Is bruideamhail a bhíonn muinntir na hÉireann ag tamáint Féisirí anonn go Lúnduinn agus gan de ghnó orra le bliadhain is fiche ach d'iarraidh talamh saor a bhaint amach do'n fheirmeóir. Faghann an feirmeóir locáiste 'na chuid cíosa da mbarr, ach cuireann sé a dhá oiread anonn go dtí an Turcach ar arbhar, agus an talamh béal i n-áirde aige féin. Nach mór an chomaoin a chuireann sain ar Éirinn. Tá an feirmeóir béal- mhilis is dócha mar chách, agus ní bhéadh cruithneacht Ghaedh- ealach agus min-choirce agus feóil agus uibhe cearc maith a ndóthain dó. Má's eadh deirm-se gur leamh é gnó na bhFéisirí má leanaid siad i bhfad eile dhe. Tá cion againn ar an dTurcach, ach is measa dhúinn clann na sean- mhuinntire. Tá ceithre fichid éigin Feisire acu thall uainn. Nuair thiucfaid siad abhaile cuireadh gach fear acu buidhean ar bun 'na cheanntar féin, buidhean a raobfaidh an talamh agus íosaidh toradh a gcoda féin, a shníomhfaidh an olann agus a chaithfidh an bhréid, agus ná déantar dearmad 'dár dteanga féin. Sin é choinbheóch' na buachaillí agus na cailíní sa bhaile. Dá ndéineadh na Féisirí an méid sin chuirfinn geall go bhfuighdís éisteacht ó'n Sasanach fé cheann beagán bliadhanta. Is 'mdha lá i mbliadhain is fiche, Agus ní bhfuil lá acu sain ná tigeann. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services