Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



“Dá ghiorracht duit do chóta is giorra dhuit do léine.”



Léigheas litir i bpáipéar Béarla Dia Sathairn seo
gabh tharainn ó dhuine uasal bhí tamall in' fhéisire, agus
cuireann sé mar cheist ar chách cad is bun no cad is
fáth leis na daoine bheith ag imtheacht as Éirinn. Duine
géar-chúiseach ba dhóigh leat is eadh é. Ní chreideann sé
gurab iad cam-dhlighthe an tSasanaigh fé ndeara an
sgaipeadh agus an dearg-ruathar d'imthigh ar Chlannaibh
Gaedheal le leath-chéad bliadhan, mar, deir sé, is
amhlaidh bhí na daoine ag dul i n-iomadamhlacht nuair ba
thruime agus ba neamh-thruaighmhéilighe bhí an chuing orra.
Níor airigheas caint mar í sin ó dhuine eile dhá leithéid
le bliadhain is fiche.



Tá bolgán an Earraigh anois againn, agus “dá mbéadh
Dia le h-iathaibh Fáil” is mó seisreach capall a bhéadh
go saothrach ag casadh na mbánta. Ach cia tá ag cur
adhbhar an aráin dúinn? Tá an Turcach agus an Rúisíneach
agus sliocht Sheagháin thall i nAmericeá. Beidh sé ag teacht
chugainn ar bórd luinge um Fhéil Mhichil seo chugainn,
ach is 'mó buachaill ceólmhar agus Gaedhilgeóir binn-bhriathrach
a chuirfidh na breac-fhairrgí anonn de fé sin.



Tá daoine ann adeir gur saoráididhe dhúinn ádhbhar
an aráin a cheannach lasmuigh ná é thógaint i nÉirinn.
Más mar sin é ba mhór na hamadáin Clann Míleadh,
ná aon treibh eile agus teacht go hÉirinn riamh. Ná creid
focal de. Cionnus fhéadfadh aon arbhar bheith níos
saoire ná an rud fhásann ag beinn an tighe ag duine.
Dar ndóigh ní déarfadh é ach duine éigin as a chéill.



Is bruideamhail a bhíonn muinntir na hÉireann ag
tamáint Féisirí anonn go Lúnduinn agus gan de ghnó
orra le bliadhain is fiche ach d'iarraidh talamh saor a
bhaint amach do'n fheirmeóir. Faghann an feirmeóir
locáiste 'na chuid cíosa da mbarr, ach cuireann sé a
dhá oiread anonn go dtí an Turcach ar arbhar, agus an
talamh béal i n-áirde aige féin. Nach mór an chomaoin
a chuireann sain ar Éirinn. Tá an feirmeóir béal-
mhilis is dócha mar chách, agus ní bhéadh cruithneacht Ghaedh-
ealach agus min-choirce agus feóil agus uibhe cearc maith a ndóthain
dó. Má's eadh deirm-se gur leamh é gnó na bhFéisirí
má leanaid siad i bhfad eile dhe. Tá cion againn ar
an dTurcach, ach is measa dhúinn clann na sean-
mhuinntire.



Tá ceithre fichid éigin Feisire acu thall uainn. Nuair
thiucfaid siad abhaile cuireadh gach fear acu buidhean
ar bun 'na cheanntar féin, buidhean a raobfaidh an
talamh agus íosaidh toradh a gcoda féin, a shníomhfaidh an
olann agus a chaithfidh an bhréid, agus ná déantar dearmad
'dár dteanga féin. Sin é choinbheóch' na buachaillí agus na
cailíní sa bhaile. Dá ndéineadh na Féisirí an méid sin
chuirfinn geall go bhfuighdís éisteacht ó'n Sasanach fé
cheann beagán bliadhanta.



Is 'mdha lá i mbliadhain is fiche,
Agus ní bhfuil lá acu sain ná tigeann.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services