Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Laighean agus Midhe
Title
Feis Laighean agus Midhe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 23, 1901 Feis Laighean agus Midhe “Béidh an Ghaedhilg fá mheas fós I nÁth Cliath na bhfleasg bhfíon-óil.” Ba mhinic i rith lae na Feise do thagadh an tairrngreacht so chum ar gcuimhnimh. Tá fíoradh na fáistinne chugainn 'na thán-rith agus cia chuirfidh stad leis? Tá a duadh faghálta ag spioraid an Ghalluighthe i bpríomh-chathair ár dtalamh dhuthchais, agus glan-spioraid uasal na nGaedheal ag teacht fá réim arís. A bhuidhe-sin le Dia. Ní túisge bhéitheá ar an dtaobh istigh de'n Rothunda, ná go mbéadh a fhios agat go rabhais i lár na Gaedhealdachta. Gaedhilg 'gá labhairt ann; greann agus meidhir Ghaedhealach ann; ceól Gaedhealach 'gá spreagadh ann; rinnce Ghaedhealach 'gá déanamh; agus fir agus mná Gaedhealacha, gan sgáth ná eagla orra, ag iomhaidheacht go luth- ghaireach le chéile. Do thógfaidís an sgamall ded' chroidhe bheith ag féachaint orra agus ag éisteacht leó. Tuillid go léir árd-mholadh, acht mholaimís go sonnrádhach an mhuinntir tháinig ó Chondae Chabháin agus ó Chraoibh na hAille mar aon le roinnt garsún a sgolaibh na mBráithreach gCríostamhail. Is í seo an chéad uair ag aon Árd-mhéire Bhaile Átha Cliath, Gaedhilg do labhairt go puiblidhe, agus táimíd fá chomaoin mhóir do Thadhg O hArrachtáin 'n-a thaobh. Caithfidh muinntir na gCúigí eile brosdughadh orra féin gan mhoill roimh an Oireachtas, mar tá an spréach ar lasadh i Laighnibh agus i Midhe na Ríogh agus is deacair briseadh orra nuair chuirid a lámha chum oibre. Anois a Ghaedheala!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services