An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 23, 1901
Feis Laighean agus Midhe
“Béidh an Ghaedhilg fá mheas fós
I nÁth Cliath na bhfleasg bhfíon-óil.”
Ba mhinic i rith lae na Feise do thagadh an tairrngreacht
so chum ar gcuimhnimh. Tá fíoradh na fáistinne chugainn
'na thán-rith agus cia chuirfidh stad leis? Tá a duadh
faghálta ag spioraid an Ghalluighthe i bpríomh-chathair ár
dtalamh dhuthchais, agus glan-spioraid uasal na nGaedheal
ag teacht fá réim arís. A bhuidhe-sin le Dia. Ní
túisge bhéitheá ar an dtaobh istigh de'n Rothunda, ná go
mbéadh a fhios agat go rabhais i lár na Gaedhealdachta.
Gaedhilg 'gá labhairt ann; greann agus meidhir Ghaedhealach
ann; ceól Gaedhealach 'gá spreagadh ann; rinnce
Ghaedhealach 'gá déanamh; agus fir agus mná Gaedhealacha,
gan sgáth ná eagla orra, ag iomhaidheacht go luth-
ghaireach le chéile. Do thógfaidís an sgamall ded'
chroidhe bheith ag féachaint orra agus ag éisteacht leó.
Tuillid go léir árd-mholadh, acht mholaimís go sonnrádhach
an mhuinntir tháinig ó Chondae Chabháin agus ó Chraoibh na
hAille mar aon le roinnt garsún a sgolaibh na
mBráithreach gCríostamhail. Is í seo an chéad uair
ag aon Árd-mhéire Bhaile Átha Cliath, Gaedhilg
do labhairt go puiblidhe, agus táimíd fá chomaoin mhóir do
Thadhg O hArrachtáin 'n-a thaobh. Caithfidh muinntir na
gCúigí eile brosdughadh orra féin gan mhoill roimh an
Oireachtas, mar tá an spréach ar lasadh i Laighnibh agus i
Midhe na Ríogh agus is deacair briseadh orra nuair chuirid
a lámha chum oibre. Anois a Ghaedheala!